Ascaidí agus Lansódaigh
Mínítear céimeanna tosaigh éabhlóideacha ag samhlacha de na cordaigh simplí agus primitíbheacha seo. Taispeántas dúnta faoi láthair.
Is iad na hascaidí na cordaigh is simplí agus níl veirteabraí iontu cosúil lena ngaolta níos coimpléascaí. Maireann siad ar ghrinneall na farraige, agus pumpálann siad uisce trí chriathair i mballaí a gcoirp, ag scagadh bia ón uisce goirt. Tá sé dodhéanta míolta chomh híogair leo a líonadh le cur ar taispeáint, mar sin is samhail í an ceann seo atá ar taispeáint de Halocynthia pyriformis déanta as gloine. Is ag an gcéim larbhach a nochtann siad a ngaol le héisc agus le veirteabraigh eile. Bíonn larbhaí na n-ascaidí fadaithe le sliotáin gheolbhaigh cosúil leis na cinn ar iasc, is féidir leo snámh agus is beag cosúlachta a bhíonn eatarthu ag an gcéim seo agus nuair a fhásann siad.
Tá taithí ag scoláirí bitheolaíochta ar fud an domhain ar cheann amháin ar a laghad de na hainmhithe is simplí sa ghrúpa cordach – an amfaibhiorach, nó an lansógach mar a thugtar air freisint. Léiríonn taispeántas an lansógaigh forbairt an ainmhí seo ón ubh go dtí ainmhí lánfhásta i sraith samhlacha déanta as céir. Cosúil le larbhaí na hascaide níl cnámh ná loingeán acu. Tá na cúig speiceas déag sa ghéineas Branchiostoma beag agus maireann siad leathchlúdaithe i ndríodar ghrinneall na farraige i mórán áiteanna ar domhan, ach tá siad an-choitianta in uiscí na Síne. Scagann siad orgánaigh bheaga ón uisce, a shruthaíonn siad tríd an mbéal.