Cosán Tacsanomaíochta

Foghlaim an chaoi ina ndéantar ainmnhithe, feithidi agus plandaí a ghrúpáil go heolaíoch ag baint úsáide as an gcóras ainmniúcháin tacsanamaíoch. Taispeántas dúnta faoi láthair.


Níl Rochtain ann do Chathaoireacha Rotha No Wheelchair Access

Is í an tseitheadóireacht an tasc is soiléire atá ag músaem de stair an dúlra. Ach an príomhghnó a bhíonn ar bun ag coimeádaithe áfach ná tacsanomaíocht (ón bhfocal Gréigise ‘socrú ainmneacha’). Ciallaíonn sin ainmhithe a ainmniú agus iad a shocrú i ngrúpaí. Is é sin an bealach atá againn chun ciall a bhaint as an éagsúlacht dochreidte atá sa domhan nádúrtha.

Taxonomy TrailCad is brí le hainm? Tá taithí againn ar mhórán ainmhithe agus tá ainmneacha coitianta againn orthu inár dteanga féin. Oibríonn an córas sin go breá go dtí go dtéann tú go tíortha eile le teangacha eile nó go dtí go dtagann eolaí ar roinnt ainmhithe laistigh de ghrúpa a bhfuil ainm coitianta amháin acu ar fad. Is é an caighdeán idirnáisiúnta san eolaíocht ná ainmneacha a úsáid le dhá pháirt iontu, bunaithe ar fhocail sa Laidin nó sa Ghréigis. Is ionann gliomach Ioruach duine amháin agus cloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath nó fiú langoustine duine eile. Sa chaoi seo seachnaíonn an t-ainm eolaíoch Nephrops norvegicusaon mheascadh suas ag cuntar an cheannaí éisc nó ar bhiachlár bialainne agus is é seo an t-ainm a úsáidtear don ainmhí seo i ngach saothar eolaíochta i ngach teanga. Léiríonn an chéad chuid den ainm an géineas, nó grúpa ainmhithe atá ina ngarghaolta, díreach cosúil le sloinne. Cuireann an dara cuid den ainm eolaíoch in iúl an speiceas áirithe, sin grúpa ainmhithe atá díreach cosúil lena chéile.

Tá cuma chomhchosúil ar ghliomaigh agus ar chloicheáin agus is garghaolta iad. Is artrapóid iad, téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar ainmhithe a bhfuil cosa altacha orthu, lena n-áirítear portáin, damháin alla agus feithidí. Is iad é an grúpa artrapód an grúpa is mó de speiceas ainmhithe agus tá éagsúlacht dochreidte ina measc. Tá beagán den éagsúlacht sin le feiceáil i gcuid de leibhéal uachtarach na balcóine sa Mhúsaem.

Tá mórán cruthanna agus méideanna difriúla i measc na n-artrapód. Léiríonn portáin cosúil le Cancer pagurus cuid de na tréithe atá i bpáirt ag gach ball den ghrúpa seo. Tá na cosa i bpéirí ar gach taobh den chorp agus tá siad oiriúnaithe d’fheidhmeanna éagsúla. Is deiceapód (ainmhithe le deich gcosa) iad na portáin, le ceithre phéire cosa le haghaidh siúil agus péire cosa speisialta chun tosaigh agus pionsúir orthu. Féadfar cuid de na cosa siúil a oiriúnú don snámh, mar a fheictear sna cosa céaslachrutach ar an Zosimus aeneus ó réigiún Aigéan Ciúin na hIndia. Cosúil le gach uile artrapód, caitheann portáin a gcnámharlaigh ar an taobh amuigh. Is maith an rud é sin do chosaint, ach nuair a bhíonn siad ag fás bíonn orthu an sliogán taobh amuigh a chaitheamh uathu ó am go ham agus ceann nua a fhás.

spiderIs iad na ciaróga an grúpa feithidí is mó. Tá na mílte milliún speiceas ar fud an domhain. Bíonn cuid mhaith díobh an-speisialaithe ag díriú ar fhoinse bhia nó ar mhodh beatha amháin. Tá na cosa is faide ag an gciaróg airleacháin Acrocinus longimanus as Meiriceá Theas thar aon chiaróg eile. Is féidir le feithidí cosúil leis seo a bheith faoi bhagairt ó bhailitheoirí. Rinne músaeim a gcion féin chun speicis a ghabháil a bhí i mbaol sna céadta bliain roimhe seo; anois is é an té a bhíonn ag lorg cuimhneacháin is mó atá ag bagairt ar ainmhithe fiáine. Is féidir ciaróg airleacháin a cheannach ar an Idirlíon – ach le do thoil ná déan!