Baile / Bailiúcháin & Taighde / Caomhnú / Stiúideonna Caomhnaithe / Stiúideo Seandálaíochta

Stiúideo Seandálaíochta

Féach ar an gcaoi ina mbainistíonn an Stiúideo Seandálaíochta caomhnú ar mhiotail, adhmad leathbháite agus leathar, cnámh, criadóireacht agus cloch.


Tá an tSaotharlann Seandálaíochta freagrach go díreach as na bailiúcháin seandálaíochta mhóra atá faoi choimirce an Mhúsaeim. Bíonn sí ag plé le raon leathan déantán; miotail, adhmad leathbháite agus leathar go príomha, ach bhíonn cnámh, criadóireacht agus cloch aici chomh maith. Cuimsíonn sé seo monatóireacht agus cothabháil a dhéanamh ar na déantáin i dtimpeallacht chobhsaí, ach bíonn caomhnú níos gníomhaí ag teastáil má tá meath ag teacht ar na déantáin go gníomhach nó má tá siad ag teastáil le haghaidh taispeántais. Iarrtar ar an tsaotharlann go minic comhairle a thabhairt agus cabhrú le seandálaithe agus caomhnóirí eile le hábhar a tochlaíodh le déanaí.

I gcásanna áirithe bíonn baint dhíreach ag an bhfoireann chaomhnaithe leis an scéal má dhéantar fionnachtain thábhachtach seandálaíochta. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu taisteal chuig an láithreán chun an tochailt a dhéanamh nó a mhaoirsiú chomh maith leis an ábhar seandálaíochta sobhriste a ardú. Is cuid ríthábhachtach den phróiseas caomhnaithe é taifeadadh iomlán a dhéanamh ar dhéantáin sula ndéantar aon chóireáil caomhnaithe orthu. Chun é seo a dhéanamh tá ceamaraí digiteacha, córas fótaimicreagrafaíochta, meá agus gléas x-ghathaithe sa tsaotharlann. Is féidir le x-ghathanna faisnéis thábhachtach a thabhairt maidir le bail an réada ar nós méid an chreimthe, deisiúcháin ársa, teicnící tógála, inleagadh maisiúil agus bratú. Chomh maith leis sin baintear úsáid as speictriméadar fluaraiseachta x-ghathaí chun anailís a dhéanamh ar an gcomhdhéanamh atá ag miotail éagsúla agus a gcóimhiotal.. 

I measc na ngníomhaíochtaí eile a dtugann an tsaotharlann fúthu tá: sampláil a dhéanamh ar réada chun dátú radacarbóin a dhéanamh orthu agus iad a sainaithint; múnlaí agus macasamhla a dhéanamh; pacáil agus gléasadh sábháilte déantán do thaispeántais, laistigh den Mhúsaem féin agus le haghaidh iasachtaí do mhúsaeim agus institiúidí eile.

I measc na ndéantán suaitheanta a ndearnadh caomhnú orthu le déanaí sna saotharlanna tá na gunnaí móra léigir ó Armáid na Spáinne sa taispeántas Saighdiúirí agus Ceannairí i nDún Uí Choileáin, agus Cros Loch na Tulaí sa sa Seodlann ar Shráid Chill Dara.