Caomhnú Feabhais
Faigh eoolas faoin gcóireáil a dhéanann caomhnóirí ar réada ó na bailiúcháin.
Cuimsíonn caomhnú feabhais réada ó na bailiúcháin a chóireáil agus tógann sé a lán ama.
Conserving a Blaschka Glass model from the Natural History collection
D’fhéadfadh réada a ghlanadh, réada sobhriste a neartú, maisiúchán dromchla a nochtadh agus mionscrúduithe eolaíochta ar réada a bheith i gceist.
Is baill foirne atá sainoilte i roinnt disciplíní caomhnaithe ar leith, lena n-áirítear teicstílí, stair an dúlra, seandálaíocht, troscán, páipéar agus criadóireacht (le gloine agus clocha), a thugann faoi na próisis seo, agus bíonn siad ag feidhmiú i stiúideonna ar leith faoi scáth iomlán na Rannóige Caomhnaithe.
Pléitear le fríotha seandálaíochta tábhachtacha i Rannóg Caomhnaithe an Mhúsaeim, áit a ndéantar iad a ghlanadh, a chobhsú agus a mhionscrúdú. Le blianta beaga anuas bhí roinnt fionnachtainí tábhachtacha i gceist leis seo ó phortaigh móna na hÉireann, lena n-áirítear Leabhar an Fheadáin Mhóir.