Stórtha Shaol na Tuaithe sa Daingean
Faigh eolas faoi stórtha bhailiúcháin Shaol na Tuaithe sa Daingean, Co. Uibh Fhailí
Tá cuid dá bhailiúcháin ag Rannóg Shaol Tuaithe na hÉireann ag saoráid stórála músaeim i Scoil Cheartúcháin Chonlao, nó Scoil Cheartúcháin an Daingin, i gCo. Uíbh Fhailí.

Tógadh é ar dtús san 18ú haois mar Bheairic d'Arm na Breataine, agus aistríodh é isteach i Scoil Cheartúcháin in 1870 faoi stiúradh Oblátaigh Mhuire gan Smál. Sa choimpléacs tá foirgneamh na beairice, árais chónaithe agus bloic shláintíocha, séipéal, ceardlanna trádála, tithe feirme lasmuigh, neachtlann, bácús, agus ceárta. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, aistríodh an suíomh chuig úinéireacht an stáit faoi Oifig na nOibreacha Poiblí, agus lean na foirgnimh mar Scoil Cheartúcháin faoi stiúir na hOblátaigh go dtí gur dúnadh í in 1973. Tugadh cead d'Ard-Mhúsaem na hÉireann an suíomh a úsáid le stóráil a dhéanamh in 1979, agus stóráladh raon dá bhailiúcháin ansin, bailiúcháin seandálaíochta agus stair an dúlra san áireamh.
An chuid is mó de na bailiúcháin atá sa Scoil Cheartúcháin faoi láthair ná Bailiúchán Innealra Talmhaíochta Ard-Mhúsaem na hÉireann, a chlúdaíonn an ré den innealra capalltarraingthe ó dheireadh an 19ú haois go dtí gur tugadh isteach innealra faoi chumhacht mótair i lár an 20ú haois. Díríonn an bailiúchán ar innealra a táirgeadh in Éirinn.
Ina measc tá meaisíní buailte, ceanglóirí arbhair, innealra cáite, buainteoirí agus innealra iarainn atá níos lú ar nós céachtaí agus síoladóirí, agus tarracóirí innealta.
Clúdaíonn Bailiúchán Iompair Ard-Mhúsaem na hÉireann raon leathan d'fheithiclí capalltarraingthe. I measc bailiúchán Shaol Tuaithe na hÉireann cairteacha feirme, cairteacha seachadta, cábáin, carranna cliathánacha, trapanna trucaile, innill Dóiteáin, marbhchóistí agus vaigíní le barr bairille, léiríonn siad na feithiclí a bhíodh in úsáid sa ghnáthshaol laethúil agus sna gníomhaíochtaí gnó in Éirinn faoin tuath agus in Éirinn uirbeach. Dátaíonn siad seo den chuid is mó ó dheireadh an 19ú haois go dtí lár an 20ú haois, nuair a cuireadh deireadh lena n-úsáid de réir a chéile ó na 1950í.
Dátaíonn an bailiúchán feithiclí Ealaíne & Tionscail ón 18ú haois agus ón 19ú haois den chuid is mó, agus san áireamh tá carráistí príobháideach a bhíodh faoi úinéireacht na dtiarnaí talún, agus cóistí poist, a úsáideadh le haghaidh iompair phoiblí freisin. Tá bailiúchán mór diallatra ann freisin leis an mbailiúchán feithiclí.
Tá earraí níos mó ón mBailiúchán Ceirdeanna agus Ceardaíochta, agus cuid de Bhailiúchán na mBád in Ard-Mhúsaem na hÉireann sa Daingean freisin.
Ní féidir fáil ar na bailiúcháin seo ach trí choinne amháin. Téigh i dteagmháil le hOifigeach Shaol na Tuaithe ar Dualgas: folklifedo@museum.ie, nó cuir glaoch ar Mhúsaem Shaol na Tuaithe: 094 - 9031 755.
Le haghaidh ceisteanna maidir leis na Bailiúcháin Seandálaíochta atá á stóráil sa Daingean, téigh i dteagmháil le do thoil le hOifigeach Seaniarsmaí na hÉireann ar Dualgas ar ríomhphost - antiquitiesdo@museum.ie