Skip to content

Gníomhaíochtaí Seomra Ranga: Cuardach Focal Séasúracha

Pictiúr de dhíoráma d’fhine sionnach ag NMI- Stair an Dúlra

Cuir eolas ar bhailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol an Dúlra trínár mbileoga nua gníomhaíochta as Gaeilge. Iarr ar do dhaltaí triail a bhaint as na cuardaigh seo d'fhocail shéasúracha chun cur lena gcuid foclóra, agus an litriú agus an cumas díriú ar an obair a fheabhsú, agus iad ag cur eolais ar an dúlra sa Mhúsaem.


In Amharc Amháin

Leibhéal: Rang 2+
Leagan amach: Is gníomhaíocht don seomra ranga í seo
Fad ama: 15+ nóim
Cá bhfuil siad ar fáil: Ar líne agus féintreoraithe; Cliceáil ar na naisc thíos chun iad a íoslódáil.
 


 Acmhainní

Chun eolas a chur ar na séasúir ag an Músaem, cliceáil ar:


 

Naisc leis an gcuraclam

OSIE
Imscrúdú agus trialacha
Eolas agus sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla

Rudaí beo
Beatha an duine; Beatha phlandúil agus beatha ainmhíoch
 


 

Torthaí Foghlama

Ag deireadh na gníomhaíochta seo ba chóir go mbeadh na daltaí in ann:

  • Eolas níos fearr ar rudaí beo a léiriú, m.sh. ainmhithe éagsúla a mhaireann in Éirinn sna séasúir dhifriúla a aithint, agus cur síos ar an tslí a gcuireann ainmhithe iad féin in oiriúint don timpeallacht, trí chodladh an gheimhridh agus imirce.

  • Cuardach focal bunaithe ar théama a dhéanamh.

 


Sign up to our newsletter

Keep up to date

Receive updates on the latest exhibitions

Natural History

Natural History,
Merrion Street,
Dublin 2,
D02 F627

+353 1 677 7444