Skip to content

Turas ar an láthair: An Zú Marbh as Gaeilge

Daltaí ag féachaint ar choiníní i Caibinéad na n-Iontas

Bí linn ar an turas speisialta Gaeilge seo! Cuir eolas ar na scéalta ar leith laistiar de chuid den 3,000 ainmhí agus iontais atá ar taispeáint. Feicfidh daltaí samplaí zó-eolaíochta agus geolaíochta den domhan nádúrtha, atá ar taispeáint anseo ó d’osclaíomar doirse an mhúsaeim os cionn 166 bliain ó shin.

Luafar sa turas téamaí na bithéagsúlachta, na héiceolaíochta, ainmhithe atá i mbaol agus ainmhithe díothaithe – téamaí atá nasctha leis an gcuraclam.

 


Caith súil ar an turas

Leibhéal: Rang 3 – Rang 6
Leagan amach: 45 nóim
Áit do: Rang amháin in aghaidh an tseisiúin
Lá:  Dé Aoine i rith Aibrean, Bealtaine agus Meitheamh
Amanna: 10am & 11.30am
Cur síos: Bí linn ar thuras de bhuaicphointí Sheomra na hÉireann ar an mbunurlár le fáil amach faoin músaem agus faoi na taispeántais d’ainmhithe agus d’iontaisí ann. Beimid ag caitheamh súil ghéar ar chuid de na bailiúcháin láimhseála oideachais i Caibinéad na n-Iontas, m.sh. fionnadh, idir fhíor agus mhacasamhlach, iontaisí agus cloigne.


Tabhair faoi deara: Fanfaidh an múinteoir leis an rang ar feadh an turais.


Naisc churaclaim

Eolaíocht OSIE
Fiosrú agus tástáil
Bailigh eolas agus sonraí ó fhoinsí éagsúla
Neacha beo
Saol an duine; Beatha plandaí agus ainmhithe

Feasacht agus cúram comhshaoil
Feasacht chomhshaoil; Eolaíocht agus an timpeallacht; Ag tabhairt aire don timpeallacht
 


Torthaí foghlama

Ag deireadh an tseisiúin bheo seo ba chóir go mbeadh daltaí in ann: 

  • Fiadhúlra agus bithéagsúlacht na hÉireann a aithint

  • Cur síos a dhéanamh ar oiriúnuithe atá déanta ag ainmhithe agus ar a ngnáthóga

  • Fadhbanna comhshaoil ​​áitiúla agus domhanda a mhíniú, amhail rudaí a chuireann speicis agus gnáthóga i mbaol

  • An caomhnú a shainmhíniú agus gníomhartha a lua a chabhraíonn leis an mbithéagsúlacht a chosaint

  • Míniú gearr a thabhairt ar ról an mhúsaeim eolaíochta agus ar an tslí a gcaomhnaítear bailiúcháin le haghaidh taighde agus lena gcur ar taispeántas

Ar an turas foghlaimeoidh tú faoi:

  • Fia mór na mbeann in Éirinn agus an fáth gur tháinig deireadh leis in Éirinn 10,500 bliain ó shin

  • Cearbhán a bhí seacht méadar ar fhad agus a gabhadh amach ó chósta thiar na hÉireann breis is 150 bliain ó shin

  • ​Éiceolaíocht na n-éan mara éagsúil a fhaightear in Éirinn agus na rudaí a bhagraíonn orthu

  • Caibinéad na n-Iontas, ina bhfeicfidh tú na creachadóirí agus na hainmhithe creiche éagsúla atá ar taispeáint, lena n-áirítear cnámh gialla iontaise ó hiéana Éireannach!

 


​​Roimh an chuairt

Ullmhaigh an rang don turas. Tabhair leideanna do na daltaí de na rudaí a bheidh le feiceáil acu nó pléigh an músaem sula dtagann sibh ar cuairt.

Smaoinigh ar thuras fíorúil 3T de Mhúsaem Stair an Dúlra a dhéanamh sa seomra ranga le do dhaltaí.
 

 

Conas turas a chur in áirithe

Tá teorainn le líon na n-áiteanna. Chun turas éascaithe a chur in áirithe do do rang, iarrtar ort an fhoirm iarratais seo a líonadh isteach.
 



Tar éis na cuairte

Tar éis an tseisiúin, seolfar ríomhphost chuig múinteoirí ina mbeidh roinnt gníomhaíochtaí spraíúla foghlama i nGaeilge a d’fhéadfadh na daltaí a dhéanamh sa seomra ranga.



On-site Tour: The Dead Zoo in Irish

Join this special tour in Irish! Discover the unique stories behind a selection of 3,000 animals and fossils on display. Students will see up-close zoological and geological examples of the natural world that have been on display since we opened our doors over 166 years ago.

Includes curriculum linked themes such as biodiversity, ecology, endangerment and extinction.


On-site tour at a glance

Level: 3rd Class – 6th Class
Duration: 45 mins
Capacity: One class per session
Days: Wednesdays in January. Fridays in February and March
Times: 10am & 11.30am
Description: Join a highlights tour of the ground floor Irish Room to learn about the museum and its displays of animals and fossils. Includes a close up inspection of some of the educational handling collections in the Wonder Cabinet e.g. real and replica furs, fossils and skulls.

Please note: The teacher will remain with the class throughout the duration of the tour.
 


Curriculum links

SESE Science
Investigating and experimenting
Collect information and data from a variety of sources
Living things
Human life; Plant and animal life

Environmental awareness and care
Environmental awareness; Science and the environment; Caring for the environment
 


Learning outcomes

On completion of this live session students should be able to: 

  • Identify wildlife and biodiversity of Ireland

  • Describe animal adaptations and their habitats

  • Explain local and global environmental issues, such as threats to species and habitats

  • Define conservation and outline actions that help protect biodiversity

  • Summarise the role of a science museum and how collections are preserved for display and scientific research

On the tour learn about:

  • How the giant Irish deer became extinct 10,500 years ago in Ireland

  • A seven metre long basking shark that was caught off the west coast of Ireland over 150 years ago

  • The ecology of different Irish sea birds and the threats the face

  • The Wonder Cabinet and see up close the different predators and prey on display, including the fossil jawbone of an Irish hyena!


Before your visit

Prepare the class for the tour. Give pupils an idea of what to expect to see or have a discussion about the Museum in advance of the visit.

Why not take a 3D virtual tour of the NMI - Natural History in the classroom with your students
 


Make an enquiry

Places are limited. To enquire about booking a facilitated visit for your class please complete this enquiry form.


After your visit

After the session, Teachers will be sent via email a number of fun follow-up learning activities in Irish for pupils to explore in the classroom.


Sign up to our newsletter

Keep up to date

Receive updates on the latest exhibitions

Natural History

Natural History,
Merrion Street,
Dublin 2,
D02 F627

+353 1 677 7444