Bailiúcháin Shaol na Tuaithe
Faigh eolas faoin saol traidisiúnta in Éirinn trí Bhailiúcháin Shaol na Tuaithe an Mhúsaeim
Is iad na réada i mBailiúcháin Shaol na Tuaithe ná na nithe a bhíodh in úsáid sa ghnáthshaol faoin tuath in Éirinn sa chéad nó mar sin idir dheireadh an Ghorta Mhóir sna 1840í agus iarmhairt an Dara Chogadh Domhanda sna 1950í.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoinár mbailiúcháin i limistéar na mBailiúchán ar an suíomh gréasáin.