An Cúlra le 1916

Déan iniúchadh ar chúlra sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha an Éirí Amach, ag díriú ar an gCéad Cogadh Domhanda, na hÓglaigh, Cumann Lúthchleas Gael, Sinn Féin agus an IRB.


Bhí Éire i staid réasúnta síochánta le linn an chéad deich mbliana den 20ú haois. D’éirigh go maith leis an bhfeachtas chun deireadh a chur le tiarnaí talún. Ba chosúil go raibh beartas an Rialtais de “Rialtas Dúchais a mharú le cneastacht” ag obair go maith.

Tagann eagraíochtaí náisiúntachta nua chun tosaigh

Ag an am céanna, áfach, bhí eagraíochtaí nua ar nós Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus Sinn Féin, iad ar fad ionsíothlaithe ar bhealach éigin ag Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB), ag obair leis an gciall a bhí le Gaelachas a ath-shainmhíniú.

Bheadh tionchar mór ag an bhfás i náisiúnachas cultúrtha agus eacnamaíoch, mar aon leis an Rialtas Dúchais a bheith ar ais chun tosaigh i gcúrsaí polaitiúla, ar ghnóthaí na hÉireann.

An cúlra míleata

Le bunú Óglaigh Uladh i 1912, agus Óglaigh na hÉireann an bhliain dar gcionn, bhí smuigléireacht gunnaí at an dá thaobh agus ullmhúchán ginearálta do choimhlint armtha. Thug bunú Óglaigh na hÉireann rochtain don IRB ar chomhlacht míleata oscailte agus dleathach, a bhí fíorthábhachtach dóibh. Bunaíodh fórsa armtha eile, Arm Cathartha na hÉireann, mar fhreagairt ar ruathair gan idirdhealú a rinne póilíní le bataí ar oibrithe le linn na Stailce agus an Fhrithdhúnta i 1913. Bheadh ról tábhachtach ag an Arm Cathartha in eachtraí 1916.

An Chéad Chogadh DomhandaI

hug tús an Chéad Chogadh Domhanda i Meitheamh 1914 an deis ar a raibh glúin Fíníní ag feitheamh - mórchoimhlint idirnáisiúnta. Tharla Éirí Amach 1916 théis seasca bliain tóraíochta agus pleanála gan stad, a rinne gluaiseacht a tháinig slán ó bhriseadh, ó phríosúnacht, ó mhagadh agus ó cháineadh reiligiúnach..

Pleanáil don Aiséirí

Nuair a thosaigh an cogadh, thosaigh an I.R.B. ag pleanáil ceannairce Chuaigh siad i dteagmháil leis an nGearmáin, dhaingnigh siad a smacht ar Óglaigh na hÉireann agus chuir siad feabhas ar a gcaidreamh leis an Arm Cathartha. Fuair siad gealltanas go gheobhaidís siad airm ón nGearmáin, agus in Eanáir 1916, shocraigh Ardchomhairle an I.R.B. an 23 Aibreán mar dháta don éirí amach. Athraíodh é seo go dtí an 24ú lá níos déanaí, agus rinneadh pleananna chun na hairm a fháil ón nGearmáin.

Nuair a fuair cathaoirleach na nÓglach, Eoin MacNeill, amach go raibh éirí amach beartaithe, discovered that rebellion was planned, rinne sé freasordú i gcoinne an tslógaidh, d'athraigh sé a intinn nuair a dúradh leis faoi airm na Gearmáine, agus d'athraigh sé arís é nuair a chuala sé faoina ngabháil. Bheartaigh Comhairle Mhíleata an I.R.B. dul ar aghaidh leis an éirí amach áfach, ar Luan Cásca, 24 Aibreán.