Tarraing sa Mhúsaem
An ealaíontóir nó mac léinn ealaíne tú? Tabhair cuairt agus faigh ionsparáid dod' líníocht agus sceitseáil.
Tá raon ollmhór déantán againn atá mar fhoinse shaibhir le sceitseáil, taighde agus scrúdú a dhéanamh orthu.
Toisc gur féidir damáiste a dhéanamh do roinnt déantán nó gur féidir leo a aghlot le hábhair ealaíne agus/nó le gníomhaíocht roinnt teicnící ealaíne, iarraimid ort cabhrú linn agus an damáiste a d'fhéadfadh a bheith ann a laghdú trí na treoirlínte seo a leanas a leanúint:
-
Níor chóir lámh a leagan ar na déantáin agus cásanna, ná iad a úsáid chun luí ina gcoinne. I líon beag gailearaithe bíonn earra ócáideach marcáilte go soiléir mar 'earra inláimhsithe'. Cuir ceist ar fhreastalaí mura bhfuil tú cinnte. Ná tabhair leat ach an líon is lú de chótaí/málaí/míreanna atá de dhíth ort toisc nach bhfuil seomra cótaí sa Mhúsaem seo.
-
Tá cosc ar ábhair fhliucha, péint spraeála, ábhair ghreamaitheacha agus buanaitheoirí a úsáid i ngach gailearaí. Tá substaintí iontu a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh do bhailiúcháin an Mhúsaeim, agus d'fhéadfaidís a bheith mar riosca d'fholláine na gcuairteoirí eile.
-
Tá fáilte romhat steiréisheinnteoirí pearsanta a úsáid laistigh den Mhúsaem.. Smaoinigh ar na cuairteoirí eile le do thoil.
-
Tá stólta ar fáil ar iasacht do gach cuairteoir. Cuir ceist ag an Deasc Fáiltithe le do thoil.
Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacann an Músaem aon dliteanas as caillteanas giuirléidí nó trealamh pearsanta ná damáiste atá déanta dóibh.
Má tá aon cheisteanna agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn sula dtugann tú cuairt orainn.