‘Cad atá sa Stór?’
Fiosraigh bailiúcháin de chuid an Mhúsaeim a choinnítear sa stór de ghnath. Áirítear laicear, greallóg, agus cruan na hÁise, chomh maith le hionstraimí eolaíochta & criadóireacht na hÉireann, maraon le gloine Rómhánach, Peirsiach, Veinéiseach & Ealaín Nua.
Tá an bailiúchán cúltaca uile de ghloine, d’ealaín fheidhmeach na hÁise, d’airgead agus de mhiotalóireacht ar taispeáint, agus ábhar ó Éire, ón mBreatain, ón Eoraip, ón Mheánoirthear, ón India, ón bPacastán, ó Bhurma, ón tSín, ón tSeapáin agus ó Tibet ar taispeáint ann.
Tá laicear, greallóg, eabhar, cruan, dealbha, péintéireacht agus miotalóireacht sa bhailiúchán Áiseach agus tá said le feiceáil sa dara agus sa tríú cuid den stór.
Taispeántar bailiúchán Criadóireachta laistigh den dara cuid den stór. Tá ábhar tábhachtach Éireannach cosúil le créghréithe Bhéal Leice, Vodery, Queen’s Institute, Charraig Uí Leighin agus ealaín chriadóireachta chomhaimseartha san áireamh, i gcomhar le maiolica Spáinneach agus Iodáileach, poirceallán Seapánach, blanc-de-chine ón tSín, Wedgwood, earraí cruachré ón nGearmáin, faïence na Fraince, criadóireacht Ioslamach, agus créghréithe Olannacha.
Sa Bhailiúchán Gloine tá réada gloine Rómhánach, Peirsiach, Indiach, Veinéiseach & Ealaín Nua taobh le bailiúchán, a bhfuil clú idirnáidiúnta air, de ghloine na hÉireann ón 18ú agus 19ú haois ó Bhaile Átha Cliath, Corcaigh, Béal Feirste agus Port Láirge.
Ionstraimí eolaíochta tábhachtacha, ón 17ú go dtí an 20ú haois, chomh maith le bailiúchán an Mhúsaeim d'uaireadóirí, formhór díobh ón tréimhse 1750-1850. In éineacht leis na bailiúcháin de phláta airgid Sheffield, leictreachlónna, péatar, práis, cré-umha, airgead agus seodra, is féidir iad seo a fheiceáil sa cheathrú mhír den stór.