Airgead: Míle Bliain de Bhoinn Airgid & Airgeadra na hÉireann
Discover the story of coins and money in Ireland from the 10th century to the present day.
Ó bhoinn mheánaoiseacha agus taiscí boinn, go nótaí bainc nua-aoiseacha; airíochtaí agus boinn; forbairt airgid pháipéir ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann; cártaí creidmheasa agus baincéireacht idirlín: an aidhm atá leis an taispeántas Airgead ná boinn a chur ina gcomhthéacs stairiúil, sóisialta agus eacnamaíoch.
Déanann Airgead iniúchadh ar an mbealach a ndeachaigh úsáid airgid i gcion ar shaol na daoine agus ar an mbealach chun na críche sin a léirigh airgead treochtaí sóisialta agus eacnamaíocha. Maidir leis na boinn chomórtha, féachann sé ar an tábhacht a bhaineann leo go stairiúil ina gceart féin agus insíonn sé faoi chuid de na himeachtaí agus na gnéithe i stair na hÉireann nach bhfuil ar eolas go forleathan.
Buaicphointí an Taispeántais
-
An chéad mhonaíocht Éireannach buailte ag Lochlannaigh Bhaile Átha Cliath
-
Pistoles óir uathúla de na 1640idí
-
An 't-airgead gunna' mícháiliúil de Rí Séamus II
-
Na teilgin phlástair a cuireadh isteach do mhonaíocht an tSaorstáit de 1928.
Na ceisteanna a chuireann an taispeántas Airgead
-
Cén fáth ar forbraíodh boinn in Éirinn agus conas a tharla sé?
-
Cad iad na fachtóirí polaitiúla, geografacha agus eacnamaíocha a théann i gcion ar úsáid bonn?
-
Cén tionchar a bhí ag mórimeachtaí polaitiúla mar Acht an Aontais agus bunú stáit nua-aoiseach na hÉireann ar bhoinn chomhaimseartha?
Baintear úsáid as amlíne leis na boinn ábhartha chun scéal na mbonn Éireannach a insint i bhfoirm chroineolaíoch, fad is a thugtar mionsonraí ar shaincheisteanna ar leith i spásanna an phríomhghailearaí.
Cabhraíonn grafaic, formhéadú, méadú agus gnéithe idirghníomhacha chun an t-ábhar a dhéanamh beo agus tugann siad deis do chuairteoirí mionscrúdú a dhéanamh air.