Stiúideo Troscáin
Fiosraigh an chaoi in ndéanann an Stiúideo Troscáin bainistiú ar Bhailiúchán Troscáan Seanré an Mhúsaeim.
Tá an roinn troscáin den Rannóg Caomhnaithe freagrach as caomhnú fadtéarmach an Bhailiúcháin de Throscán Seanré a choimeádtar in áis stórála úrscothach i nDún Uí Choileáin, an Bhailiúcháin de Throscán Shaol na Tuaithe agus roinnt réad adhmaid ó Rannóg na Seaniarsmaí Éireannacha. Tá gailearaí troscán seanré i nDún Uí Choileáin agus tá troscán Shaol na Tuaithe ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe i Maigh Eo. Tá troscán ó na bailiúcháin náisiúnta ar iasacht ag músaeim eile chomh maith.
Tá éagsúlacht sna réada atá caomhnaithe, gach rud ó píosaí d'Athbheochan na hIodáile den séú haois déag go dtí píosaí Éireannacha den aonú haois is fiche. Tá píosaí chomh héagsúil le coinnleoirí beaga adhmaid agus orgán eaglaise snoite ollmhór ina gcodanna den bhailiúchán troscán chomh maith.
Cuimsíonn an obair caomhnú feabhais; glanadh cúramach ar bhailchríocha agus ar dhromchlaí, agus déantar daingniú agus deisiúcháin nuair is gá.
Cuimsíonn caomhnú feabhais an teocht, taise agus leibhéil soilse a rialú chomh maith le damáiste ó fheithidí a chosc.
Tá íosreoiteoir mór ar féidir siúl isteach ann ag an áis caomhnaithe chun inmhíolú feithide amhrasta a réiteach. Tá an bailiúchán ag méadú i gcónaí agus tá sé fíorthábhachtach a chinntiú go bhfuil troscán nua a fhaightear saor ó réadáin sula ligtear isteach sna limistéir stórála nó sna gailearaithe iad, áit a bhféadfaidís réada eile a inmhíolú.
Tá a lán píosaí troscáin ina réada comhshuite atá déanta de roinnt ábhar mar adhmad, miotail, gloine, teicstíl agus plaisteach i bpíosaí nua-aoiseacha, ábhair ar féidir leo imoibriú lena chéile agus a bhféadfadh cóireálacha caomhnaithe éagsúla a bheith ag teastáil uathu.