Skip to content

Gníomhaíochtaí Seomra Ranga: Éire san Oighearaois – Iontaisí Iontacha

Daltaí ag taispeántas an hiéana bhric in NMI - Stair an Dúlra

An ndearna tú iontas riamh de na cineálacha ainmhithe ársa a bhí ar leac an dorais againn na mílte bliain ó shin? Sa ghníomhaíocht Músaeim seo, déanfaimid iniúchadh ar Oighearaois na hÉireann, foghlaimeoimid faoi iontaisí i mbailiúchán an Mhúsaeim agus faoi na cineálacha éagsúla ainmhithe a bhí ina gcónaí anseo san am a chuaigh thart.

Íoslódáil agus priontáil na bileoga gníomhaíochta seo le foghlaim faoi na hiontaisí éagsúla den Oighearaois in Éirinn. Taispeánfaidh na léarscáileanna duit cad iad na hiontaisí a fuarthas i do chontae. Is féidir leat do scileanna a thástáil trí na gníomhaíochtaí, na puzail agus an cuardach focal a dhéanamh.
 

In Amharc Amháin:

Leibhéal: Rang 3-6
Leagan amach: Is gníomhaíocht don seomra ranga í seo
Fad ama: 30 nóimuair an chloig
Cá bhfuil siad ar fáil: Ar líne agus féintreoraithe; Cliceáil ar na naisc thíos chun iad a íoslódáil.
 


Acmhainní

A mhúinteoirí, úsáid an ‘Foramharc ar an Oighearaois' agus an amlíne ar an gclár bán duit chun buneolas a thabhairt don rang. 
 

 


Naisc leis an gcuraclam

Eolaíocht OSIE
Imscrúdú agus trialacha
Eolas agus sonraí a bhailiú ó fhoinsí éagsúla
 
Rudaí beo
Beatha an duine; Beatha phlandúil agus beatha ainmhíoch
 
Feasacht agus cúram na timpeallachta
Feasacht ar an timpeallacht; An eolaíocht agus an timpeallacht; Cúram na timpeallachta

 
 

Torthaí Foghlama:

Ag deireadh na gníomhaíochta seo ba chóir go mbeadh na daltaí in ann:

  • An 'Oighearaois' a mhíniú agus cur síos a dhéanamh ar roinnt de na speicis ainmhithe a bhí beo ag am sin in Éirinn.  

  • Féachaint ar iontaisí d’ainmhithe Éireannacha atá imithe in éag agus rá cá háit in Éirinn a bhfuarthas iad.

  • Roinnt bileoga gníomhaíochta a dhéanamh -- puzailí ar théama, cuardach focal agus líníochtaí.​​

Sign up to our newsletter

Keep up to date

Receive updates on the latest exhibitions

Natural History

Natural History,
Merrion Street,
Dublin 2,
D02 F627

+353 1 677 7444