Skip to content

1d Márta - 17ú Márta 2024, Teaghlaigh

Seachtain na Gaeilge: Imeachtaí ar líne a bhaineann leis an Zú Marbh

Free

Daltaí ag taispeántas na hiéanaí breaca in AMÉ – Stair an Dúlra

Le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana, bain triail as gníomhaíochtaí ar líne atá bunaithe ar bhailiúcháin de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, nó "An Zú Marbh!" mar a thugtar go ceanúil air!
 

Breathnaigh ar fhíseáin agus tú ar do chompord i do theach féin agus foghlaim faoi ainmhithe díothaithe agus faoin tseitheadóireacht agus breathnaigh ar thaispeántas na mbéar sa Mhúsaem agus foghlaim fúthu!
 
Tabhair faoi dhúshlán trí bhileog ghníomhaíochta a úsáid agus cuirfidh tú le do stór focal Gaeilge. Faigh eolas faoi iontaisí iontacha ón Oighearaois d'ainmhithe a mhair in Éirinn na mílte bliain ó shin! Nó déan cuardach focal séasúrach a bhaineann le fiadhúlra na hÉireann. 
 

Tá na gníomhaíochtaí ar líne seo dírithe ar pháistí idir 5 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois agus tá baint acu leis an gCuraclam Eolaíochta d'Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE.). Is féidir breathnú orthu seo sa bhaile nó iad a íoslódáil agus a phriontáil ann mar ghníomhaíocht teaghlaigh, nó is féidir le múinteoirí agus daltaí iad a úsáid sa bhunscoil.
 
Cliceáil ar an gcnaipe socruithe atá le fáil ag bun an fhíseáin, agus ansin cliceáil ar 'fotheidil' agus roghnaigh 'Gaeilge' chun go mbeidh fotheidil i nGaeilge le feiceáil ar an bhfíseáin a roghnaigh tú.
 
Fiosrúcháin: educationnh@museum.ie

Location:


Seachtain na Gaeilge: Imeachtaí ar líne a bhaineann leis an Zú Marbh is located at:
Natural History,
Merrion Street,
Dublin 2
D02 F627


Bain triail as na hacmhainní Gaeilge saor in aisce seo i rith Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Sign up to our newsletter

Keep up to date

Receive updates on the latest exhibitions

Natural History

Natural History,
Merrion Street,
Dublin 2,
D02 F627

+353 1 677 7444