Skip to content

News Item

Ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá lúcháir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann an Ghaeilge a cheiliúradh arís ar ais do Sheachtain na Gaeilge, ón 1ú go dtí an 17ú Márta 2023.
 
The National Museum of Ireland is delighted to once again celebrate the Irish language for Seachtain na Gaeilge, from 1 to 17 March 2023.

Is ceiliúradh bliantúil í Seachtain na Gaeilge thar dhá sheachtain gach Márta chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn, in Éirinn agus ar fud an domhain araon. 
 
Seachtain na Gaeilge is an annual celebration over two weeks each March to promote the Irish language and culture, both in Ireland and around the world. 

Le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana, téigh isteach san Ard-Mhúsaem le haghaidh turas, camchuairteanna agus roinnt gníomhaíochtaí spraíúla ar líne agus rud taitneamhach iontu do gach aois! Brabhsáil thíos ar ár n-imeachtaí SNAG atá le teacht.
 
This Seachtain na Gaeilge, join the Museum for tours, trails and some fun online activities with something for all ages to enjoy! Browse our upcoming SNAG events below.

Beidh gach imeacht saor in aisce agus ní gá áirithint a dhéanamh.

All events are free of charge and no booking is required.


Turais threoraithe dhátheangacha leis an Dr. Declan Brady 
1in agus 2in, Dé Domhnaigh, an 5ú Márta | Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7
Cead Isteach saor in aisce | Ní gá áirithint a dhéanamh


Tar le treoraí an Mhúsaeim an Dr. Declan Brady ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7, le haghaidh dhá thuras dhátheangacha ar an Domhnach, an 5 Márta. Ag 1in, foghlaim faoi eispéiris ghnáthfhir agus ghnáthmhná na hÉireann thar dheich mbliana de choinbhleacht ó 1913 go dtí 1923. Ansin, ag 2in, déan iniúchadh ar shaolta na saighdiúirí a bhí ina gcónaí ag an mBeairic ó na 1700í go dtí deireadh na 1900í, agus faigh amach conas a d’éirigh an bheairic stairiúil seo ina Músaem. FAIGH NÍOS MÓ AMACH

Bilingual guided tours with Dr Declan Brady 
1pm and 2pm, Sunday, 5 March | Decorative Arts & History Collins Barracks, Dublin 7
Admission free | No booking required


Join Museum tour guide Dr Declan Brady at the National Museum of Ireland - Decorative Arts & History, Collins Barracks, Dublin 7, for two bilingual tours on Sunday, 5 March. At 1pm, learn about the experiences of ordinary Irishmen and women over a decade of conflict from 1913 to 1923. Then at 2pm, explore the lives of the soldiers who lived at the Barracks from the 1700s until the late 1900s, and discover how this historic barracks became a Museum. FIND OUT MORE


Téigh ar Chamchuairt!
An 1ú go dtí an 17ú Márta 2023 | Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Cead Isteach saor in aisce | Ní gá áirithint a dhéanamh


Chun Seachtain na Gaeilge 2023 a cheiliúradh, cad chuige nach dtiocfá isteach agus dúshlán a chur romhat féin trí chamchuairt an Mhúsaeim a dhéanamh as Gaeilge? Roghnaigh ó Éire na Lochlannach; An Rud Is Fearr Liom; Éire na Clochaoise nó Camchuairt na Taisce Ná déan dearmad chun do pheann luaidhe a thabhairt leat! FAIGH NÍOS MÓ AMACH

Take a Trail! 
1 to 17 March 2023 | Archaeology, Kildare Street, Dublin 2
Admission free | No booking required


To celebrate Seachtain na Gaeilge 2023, why not drop in and challenge yourself to a Museum trail in Irish? Choose from Viking Ireland; My Favourite Object; Stone Age Ireland or the Treasury Trail. Don’t’ forget to bring your pencil! FIND OUT MORE


Turas treoraithe dátheangach - Bailiúchán Náisiúnta Shaol na Tuaithe
2in, Dé Sathairn, an 4ú Márta | Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh
Cead Isteach saor in aisce | Ní gá áirithint a dhéanamh


Téigh le treoraí an Mhúsaeim ag a bhfuil seantaithí, Sean Clarke, le haghaidh turas dátheangach ar Bhailiúchán Náisiúnta Shaol Tuaithe na hÉireann ag 2in, Dé Sathairn, an 4ú Márta, ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo. Téigh siar chuig na seanlaethanta agus déan iontas de nuáil agus de dhiongbháilteacht na sinsear tuaithe dár gcuid. Ansin foghlaim faoi stair mhuintir Mhic Gearailt, faoi Theach Pháirc Thurlaigh agus faoi na gairdíní agus faoin fhearann páirce. FAIGH NÍOS MÓ

Bilingual guided tour - National Folklife Collection
2pm, Saturday, 4 March | Country Life, Turlough Park, Castlebar
Admission free | No booking required


Join experienced Museum guide Sean Clarke for a bilingual tour of Ireland's National Folklife Collection at at 2pm on Saturday, 4 March, at the National Museum of Ireland - Country Life, Turlough Park, Co Mayo. Journey back in time and marvel at the innovation and endurance of our rural ancestors. Then learn more about the history of the Fitzgerald family, Turlough Park House and the gardens and parkland. FIND OUT MORE


Gníomhaíocht an Mhúsaeim sa Bhaile: Éire na hOighearaoise - Iontaisí Iontacha
Gníomhaíocht ar líne | Stair an Dúlra

Ar smaoinigh tú riamh faoi na hainmhithe ársa a bhí ina gcónaí gar duit i do cheantar féin na mílte bliain roimhe seo? Sa ghníomhaíocht seo de chuid an Mhúsaeim, déan iniúchadh ar Éirinn san Oighearaois; foghlaim faoi iontaisí i mbailiúchán an Mhúsaeim; agus faigh amach faoi na cineálacha éagsúla ainmhithe a bhí ina gcónaí anseo san am atá caite - agus gach cuid trí mheán na Gaeilge. Íoslódáil agus priontáil na bileoga gníomhaíochta Gaeilge seo le linn Sheachtain na Gaeilge chun foghlaim faoi iontaisí iontacha na hOighearaoise agus bain úsáid as na léarscáileanna chun a fháil amach faoi na hiontaisí a tochlaíodh i do chontae. Déan do scileanna a thástáil trí na gníomhaíochtaí agus na puzail uile agus an cuardach focal a chomhlíonadh. FAIGH NÍOS MÓ AMACH

Museum at Home activity: Ice Age Ireland - Cool Fossils
Online activity | Natural History

Do you ever wonder which ancient animals lived on your doorstep thousands of years ago? In this Museum activity, explore Ice Age Ireland; learn about fossils in the Museum's collection; and discover the different kinds of animals that lived here in the past - all through Irish. Download and print these Irish language activity sheets this Seachtain na Gaeilge to learn about cool Ice Age fossils and use the maps to discover what fossils were excavated in your county. Test your skills by completing all of the activities, puzzles and the word search. FIND OUT MORE


Téigh ar Chamchuairt! Take a Trail! 
An 1ú go dtí an 17ú Márta | Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Cead Isteach saor in aisce | Ní gá áirithint a dhéanamh


Breathnaigh thart ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe i gCo. Mhaigh Eo trí chamchuairt spraíúil an Mhúsaeim as Gaeilge le linn Sheachtain seo na Gaeilge. Téigh sa tóir ar Pheadar an Dallóg Fraoigh atá i bhfolach sna gailearaithe taispeántais; cuir dúshlán Rian na nAinmhithe romhat féin; nó faigh an Rud Is Fearr Leat. Pioc suas do bhileog riain, d’fháisc-chlár agus do pheann luaidhe ag an gcairt ghníomhaíochta in aice le fáiltiú an Mhúsaeim. FAIGH NÍOS MÓ AMACH

Take a Trail! 
1 to 17 March | Country Life, Turlough Park, Castlebar, Co Mayo
Admission free | No booking required


Explore the National Museum of Ireland – Country Life in Co Mayo through a fun, Museum trail in Irish this Seachtain na Gaeilge. Hunt for Peadar the Pygmy Shrew who is hiding in the exhibition galleries; take on the Animal Trail challenge; or find your Favourite Object. Pick up your trail sheet, clipboard and pencil at the activity cart beside Museum reception. FIND OUT MORE


Liathróid Rugbaí a bhí in úsáid i gcampa Frongoch
Caint ar líne | Na hEalaíona Maisiúla & Stair

Bain sult as an gcaint ghairid ar líne seo, le treoraí an Mhúsaeim Declan Brady, ag féachaint ar an liathróid rugbaí a bhí in úsáid do chluichí Peile Gaelaí idir Éireannaigh a bhí ar siúl ag campa Frongoch sa Bhreatain Bheag. Tá an chaint seo ina cuid den tsraith de thob-chainteanna don taispeántas An Phoblacht á Fógairt: Éirí Amach 1916. FÉACH AIR ANOIS

Rugby ball used in Frongoch camp
Online talk | Decorative Arts & History

Enjoy this short online talk, with Museum guide Declan Brady, looking at the rugby football that was used for Gaelic games by Irishmen held at Frongoch Prison Camp in Wales. This talk is part of the pop-up talks seriers for the exhibition Proclaiming a Republic: The 1916 Rising. WATCH NOW


Cuardach Focal Comharthaí an Earraigh
Gníomhaíocht Ar Líne | Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra 

Tá an t-earrach ann agus tá an dúlra uile gnóthach - ag déanamh neadacha, ag tabhairt aire do na hóga nó ag cuardach bia tar éis chodladh fada an gheimhridh. Bain triail as cuardach focal “Comharthaí an Earraigh” as Gaeilge le linn Sheachtain seo na Gaeilge chun sult a bhaint as raon focal a fháil a bhaineann le hainmhithe a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil nó le cluinstin le linn an earraigh in Éirinn. FAIGH NÍOS MÓ AMACH

Wordsearch: Signs of Spring
Online Activity | National Museum of Ireland - Natural History 

It's spring and all of nature is busy – building nests, looking after young or finding food after a long winter’s sleep. Try the 'Signs of Spring' word search in Irish this Seachtain na Gaeilge to have fun finding a range of words related to animals you might see or hear during springtime in Ireland. FIND OUT MORE


 

Sign up to our newsletter

Keep up to date

Receive updates on the latest exhibitions