Scipeáil chuig ábhar

Eolas faoin Stiúrthóir

Is iad seo feidhmeanna Stiúrthóir an Mhúsaeim:

Riarachán agus gnó an Mhúsaeim a bhainistiú agus a rialú go ginearálta agus aon fheidhmeanna eile a chinnfidh Bord an Mhúsaeim a chomhlíonadh.

Cúlra agus Gairm

Is í Lynn Scarff an Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Chuaigh sí i mbun oibre i mí na Bealtaine 2018.

Tá obair Lynn fite fuaite i gcleachtas comhoibríoch, ag obair di in oideachas timpeallachta ar fud tionscadail éagsúla, lena n-áirítear Tionscadal Athghiniúna Bhaile Munna. Mar chuid d’fhoireann forbartha tosaigh Dhánlann Eolaíochta Bhaile Átha Cliath i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, d’fhorbair sí clár eispéireas cultúrtha tarraingteach inar iniúchadh teorainneacha na healaíne agus na heolaíochta agus lenar cruthaíodh nasc le sprioclucht féachana a bhí comhdhéanta de dhaoine idir 15 bliana d’aois agus 25 bliana d’aois. Sa bhliain 2012, bhí sí ina ball den fhoireann ceannaireachta a bhunaigh Líonra Domhanda na Dánlainne Eolaíochta, rud a thug fís na Dánlainne Eolaíochta chuig ocht gcathair ar domhan faoin mbliain 2020. Sa bhliain 2014, ceapadh í mar Stiúrthóir a bhí i gceannas ar Dhánlann Eolaíochta Bhaile Átha Cliath trí phróiseas um athruithe eagrúcháin, pleanáil straitéiseach agus forbairt.

Tacaíonn Lynn leis an músaem rannpháirteach. Díríonn a hobair taighde ar shuíomhanna foghlama neamhfhoirmiúla agus ar na deiseanna a thugann músaeim agus spásanna cultúrtha chun aird daoine óga a tharraingt, agus díriú ar leith á chur ar dhaoine faoi ghannionadaíocht. Thug sí láithreoireachtaí agus ailt ar na téamaí sin san oideachas, sa chleachtas músaeim agus in irisleabhair chumarsáide ar fud an domhain. Cistíodh a cuid oibre taighde agus cleachtais le deontais iomaíocha a fuarthas ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, ón Wellcome Trust sa Ríocht Aontaithe agus ón gCoimisiún Eorpach trí ghlaonna a reáchtáladh faoi Fhís 2020 agus faoi chlár na hEorpa Cruthaithí.

Rinne sí staidéar ar Eolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí speisialtóireacht sa zó-eolaíocht agus i stair an dúlra. Chomh maith leis sin, tá céim MSc i gCumarsáid Eolaíochta aici. Sa bhliain 2016, dámhadh Ánracht Kresge um Straitéisí Ealaíon Náisiúnta di. Chuir sí i gcrích í thar thréimhse aon bhliana i Scoil Ghnó Ollscoil Harvard, i Scoil Ghnó Ross in Ollscoil Michigan agus i Scoil Ghnó Ollscoil Berkeley sna Stáit Aontaithe. Díríodh lena linn ar na gnéithe tábhachtacha d’fhorbairt gnó inbhuanaithe san earnáil chultúrtha. D’fhóin Lynn ar bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann ar feadh 18 mí sna blianta 2016 agus 2017 agus tá sí ina ball de phainéil saineolaithe do roinnt iontaobhais rannpháirtíochta poiblí agus comhlachtaí dámhachtana, lena n-áirítear an Wellcome Trust. De bhreis air sin, tá sí ina comhalta de bhord an Rediscovery Centre i mBaile Munna.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions