Scipeáil chuig ábhar

Téarmaí & Coinníollacha

Tugann Ard-Mhúsaem na hÉireann ómós iomlán don cheart atá agat ar phríobháideachas agus ní bhaileoidh sé aon eolas pearsanta fút nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo, mura roghnaíonn tú sonraí pearsanta a thabhairt le linn duit ár bhfoirmeacha ar líne a úsáid m.sh. foirm Fhiosrúcháin, foirm Fhiosrúcháin maidir le hÁirithintí, foirm chun Liostáil le Liosta Seoltaí, srl.

Mar sin féin logálann ár soláthraí seirbhísí idirlín sonraí teicniúla maidir le do chuairt go huathoibríoch, agus déantar é sin chun críocha staitistiúla. seoladh IP do ríomhaire (is ionann an seoladh IP agus an uimhir a shanntar go huathoibríoch ar do ríomhaire nuair a bhíonn tú ag scimeáil ar an idirlíon); , an cineál brabhsálaí agus an córas oibriúcháin a úsáidtear chun rochtain a fháil ar ár suíomh (mar shampla Internet Explorer, Firefox, Windows, Linux) , an dáta agus an t-am a dhéanann tú rochtain ar ár suíomh; , na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu; agus , an láithreán gréasáin óna bhfuair tú rochtain orainne lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáidtear

Úsáidimid an t-eolas seo chun cuidiú linn an suíomh a dhéanamh níos áisiúla do chuairteoirí, chun fáil amach faoi líon na gcuairteoirí chuig ár suíomh agus an cineál teicneolaíochta, a úsáideann ár gcuid cuairteoirí. Is féidir linn staitisticí comhiomlána a thiomsú agus a thuairisciú maidir lenár gcuid úsáideoirí i dtéarmaí líon, patrúin tráchta agus eolas eile a bhaineann leis an suíomh. Ní bheidh aon eolas a d’fhéadfadh duine a aithint go pearsanta san áireamh sna staitisticí sin. Is beartas de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann é gan aon eolas teicniúil a scaoileadh riamh le haon tríú páirtí maidir le cuairteoirí aonair ar an láithreán gréasáin (seachas ár soláthraí seirbhísí idirlín, a dhéanann taifeadadh ar shonraí den sórt sin ar ár son agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta ina leith seo).

Féadfaidh tú rogha a dhéanamh eolas pearsanta a chur ar fáil dúinn trí theachtaireacht r-phoist a sheoladh chuig ceann de na seoltaí atá liostaithe ar an suíomh. Úsáidimid an t-eolas sin amháin chun freagra a thabhairt ar do theachtaireacht agus ní chun aon chríocha ar bith eile agus ní roinntear an t-eolas le haon pháirtithe ón taobh amuigh.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions