Scipeáil chuig ábhar

Polasaí Fianán

1. Réamhrá

Tugann Ard-Mhúsaem na hÉireannaird iomlán ar do cheart chun príobháideachta agus lorgaíonn sé go gníomhach na cearta príobháideachta a chaomhnú maidir leo siúd a roinneann eolas leis an Ard-Mhúsaem de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE 2016/679) (“GDPR”) agus reachtaíocht agus rialacháin náisiúnta agus Eorpacha infheidhme eile (“Dlí Cosanta Sonraí”).

Baineann an Polasaí Príobháideachta agus Fianán le gach réimse agus suíomh gréasáin atá ar úinéireacht ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá naisc ann ar an suíomh gréasáin seo chuig suíomhanna gréasáin seachtracha agus níl an tArd-Mhúsaem freagrach as an ábhar nó na polasaithe príobháideachta atá i bhfeidhm sna suíomhanna 3ú páirtí seo.

 2. Na cineálacha faisnéise a bhailítear

“Sonraí Pearsanta”
Seo sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun tú a shainaithint agus b’fhéidir go gcuimseodh sé d’ainm, do sheoladh, d’uimhir ghutháin, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh IP nó d’uimhir cárta creidmheasa. Ní bhailítear faisnéis dá samhail uait ach amháin nuair a chuireann tú ar fáil í, mar shampla trí rphost a sheoladh nó trí chlárú do nuacht agus don eolas is deireanaí uainn.

“Sonraí Neamhphearsanta”
Seo sonraí a bhaineann le hoibriú ár suímh gréasáin agus ní bhaineann siad le sainaitheantas pearsanta. Dála go leor suíomhanna gréasáin bailímid eolas staitistiúil agus anailíseach a bhaineann le cuairteoirí ar ár suíomh gréasáin agus conas a úsáideann siad ár suíomhanna gréasáin. B’fhéidir go gcuimseodh samplaí de shonraí neamhphearsanta dá samhail na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu ar ár suíomhanna gréasáin, ár gcineálacha brabhsálaí gréasáin, nó na sainaimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne ar tugadh cuairt orthu ar ár suíomhanna gréasáin.

 3. Conas a úsáideann Ard-Mhúsaem na hÉireann d’fhaisnéis

“Sonraí Pearsanta”
Próiseálfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann aon sonraí pearsanta a roinneann tú linn mar seo a leanas:
(a)   Chun na hearraí nó seirbhísí ar iarr tú go sonrach lena n-aghaidh a sholáthar duit, nó;
(b)   Chun dul i dteagmháil leat, más gá, i dtaca le do chumarsáid nó d’ordú nó chun freagra a thabhairt maidir le cumarsáid ar bith a chuireann tú faoinár mbráid..

“Sonraí Neamhphearsanta”
Úsáidimid sonraí neamhphearsanta a bhailítear ónár suíomhanna gréasáin i bhfoirm chomhiomlán chun tuairisciú ar inúsáidteacht, ar fheidhmíocht agus ar éifeachtúlacht ár suíomhanna gréasáin, chun ábhar níos ábhartha a sholáthar agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar cá as a dtagann ár gcuairteoirí.

 4. Cé leis a roinneann Ard-Mhúsaem na hÉireann do shonraí

Ní nochtfaimid do shonraí pearsanta do thríú páirtithe, lasmuigh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann, mura ligeann tú dúinn a leithéid a nochtadh nó murar gá don tríú páirtí d’ordú a chomhlíonadh (i gcásanna mar sin, beidh ar an tríú páirtí na riachtanais chosúla sonraí cosanta a chomhlíonadh). Nochtfaimid do shonraí pearsanta má chreidimid de mheon macánta gur gá dúinn iad a nochtadh d’fhonn aon dlí, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó rialála, nó ceanglas reachtúil eile infheidhmithe a chomhlíonadh. Nuair a dhéantar na haistrithe seo, déanfaimid bearta chun cinntiú go gcosnófar do shonraí pearsanta go cuí agus go n-aistreofar iad de réir riachtanais an Dlí um Chosaint Sonraí. B’fhéidir go gcuimseodh sé seo úsáid comhaontuithe aistrithe sonraí san fhoirm atá faofa ag an gCoimisiún Eorpach nó meicníocht eile atá sainaitheanta ag dlí cosanta sonraí chun dearbhú go bhfuil leibhéal sásúil cosanta do Shonraí Pearsanta a aistrítear lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (mar shampla, gnáthchlásail chonarthacha).

B’fhéidir go gcuirfimis sonraí neamhphearsanta ar fáil do thríú páirtithe, nuair a nasctar faisnéis dá samhail le faisnéis chosúil i measc úsáideoirí eile ár suímh. Seo a leanas cuid den triú páirtithe ar féidir linn an t-eolas seo a chur ar fáil dóibh, fógróirí féideartha nó fíorfhógróirí, soláthróirí seirbhísí fógraíochta (lena n-áirítear seirbhísí rianaithe suiomhanna gréasáin), comhpháirtithe tráchtála, urraitheoirí, ceadúnaithe, taighdeoirí agus páirtithe eile dá samhail.

 5. Úsáid Fianán

Is éard atá i bhfianáin ná míreanna beaga sonraí a d’fhéadfadh suíomh gréasáin a stóráil ar do ríomhaire chun bunfhaisnéis, amhail roghanna na gcuairteoirí, a thaifead. Baintear úsáid as fianáin chun patrúin úsáide, treochtaí tráchta agus roghanna na gcuairteoirí a rianú. Baineann feidhmchláir ar líne úsáid astu uaireanta freisin chun feidhmiúlacht a fheabhsú. 
Tabhair faoi deara, le do thoil, má bhaineann tú úsáid as ár suíomh gréasáin, go bhfuil tú ag glacadh le téarmaí an pholasaí Príobháideachta agus Fianán. Is féidir leat an rogha a dhéanamh do bhrabhsálaí a shocrú chun fianáin a dhiúltú ó aon cheann dár suíomhanna gréasáin ach mar thoradh air sin, is féidir leat cuid d’fheidhmiúlacht nó de ghnéithe an tsuímh gréasáin a chailleadh. Is féidir breis eolais faoi fhianáin agus sonraí maidir lena mbainistiú nó lena ndíchumasú a fháil ar www.aboutcookies.org.

Nuair a thugann tú cuairt ar cheann de na suíomhanna gréasáin atá ar úinéireacht ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, is féidir na cineálacha fianán seo a leanas a shocrú ar do ghléas.

Fianáin feidhmíochta

Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis staitistiúi a bhailiú faoi chuairteoirí ar an suíomh gréasáin agus na leathanaigh a bhféachann siad orthu. Ní bhailíonn na fianáin seo faisnéis a shainaithníonn cuairteoir. Déantar gach faisnéis a bhailítear a comhiomlánú agus úsáidtear í go hanaithnid. Bainimid úsáid as na fianáin seo chun tuiscint a fháil ar an ábhar a bhfuil tóir ag an bpobal air, rud a chabhraíonn linn chun feabhas a chur ar ár suíomh gréasáin.

Úsáidimid Google Analytics chun an tseirbhís seo a sholáthar ar seirbhís anailíseach í a chuireann Google, Inc. ("Google") ar fáil. Tarchuireann agus stórálann Google an fhaisnéis atá stóráilte sa fhianán ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe agus ansin úsáidtear í chun úsáid cuairteoirí a mheas maidir lenár suíomh gréasáin agus chun tuairiscí staitistiúla a thiomsú ar ghníomhaíocht suímh gréasáin dúinn. Is féidir leat breis eolais faoi Google Analytics a fháil anseo. Tá breis eolais ar Google Analytics, conas diúltú dó ar fáil anseo in Ionad Cabhrach Google Analytics.

Fianáin fheidhmiúla

Ligeann na fianáin seo don suíomh gréasáin cuimhneamh ar roghanna a dhéanann tú agus gnéithe níos fearr agus níos pearsanta a sholáthar.

Fianáin eile tríú páirtí

Ní bhaineann roinnt de na fianáin atá socraithe ar ár suíomh gréasáin le hArd-Mhúsaem na hÉireann nó lena bpáirtithe. Nuair a thugann tú cuairt ar leathanach a bhfuil ábhar aige atá neadaithe ó, mar shampla, YouTube nó Facebook, b’fhéidir go socródh na soláthróirí seirbhísí seo a bhfianáin féin ar do bhrabhsálaí gréasáin. Níl aon neart againn ar an fianáin seo agus níl aon rochtain againn orthu mar gheall ar an tslí a n-oibríonn fianáin, mar níl rochtain ar fhianáin ach ag an té a shocraigh iad i dtosach. Ba cheart duit na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a sheiceáil le haghaidh breis eolais fúthu sin.
 

6. Príobháideacht Páistí

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tiomanta do riachtanais phríobháideachta páistí a chosaint agus molaimid go láidir do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ról gníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus suimeanna ar líne a bpáistí. Ní bhailíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann faisnéis go feasach ó pháistí faoi bhun 16 bliana d’aois trína shuíomhanna gréasáin.

7. Sonraí Pearsanta a Uasdátú, a Fhíorú agus a Scriosadh

De réir ár ndualgas faoi Dhlíthe um Chosaint Sonraí tá cead agat cóip de gach sonra pearsanta a fháil atá inár seilbh fút. Tá cead agat freisin go gceartófar do shonraí, más míchruinn iad, nó má scriostar iad, mura bhfuil cúis dhlisteanach ag Ard-Mhúsaem na hÉireann chun na sonraí a choimeád.

Is áit taisce é Ard-Mhúsaem na hÉireann faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 agus comhlíonann sé na treoirlínte a eisíonn Cartlann Náisiúnta na hÉireann ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus an tAcht um Chartlann Náisiúnta.

Moltar duit iarratas ar rochtain sonraí a chur isteach ar an ríomhphost chuig dataprotection@museum.ie nó i scríbhinn chuig Oifigeach Cosanta Sonraí, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Bloc 19, Dún Uí Choileáin, Sráid na Binne Boirbe, Baile Átha Cliath 7, D07 XKV4

8. Athruithe ar ár Ráiteas Príobháideachta

Déanaimid athbhreithniú ar Pholasaí Príobháideachta go tráthrialta agus tá sé de chead againn athruithe a chur i bhfeidhm ag am ar bith chun na hathruithe ar ár ngnó, riachtanais dhlíthiúla, agus an modh ina bpróiseálaimid Sonraí Pearsanta a thabhairt san áireamh. Rinne an Polasaí Príobháideachta a uasdátú ar an 23 Márta 2020. Is féidir linn athbhreithniú a dheanamh ar an bpolasaí seo agus athruithe a chur i bhfeidhm ó thráth go chéile.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions