Scipeáil chuig ábhar

Cairt Chustaiméara

Léigh faoi na luachanna, misean agus an fhís don todhchaí d'Ard-Mhúsaem na hÉireann

Is Institiúid atá ar aon chéim leis na cinn is fearr ar domhan é Ard-Mhúsaem na hÉireann a chuireann chun cinn an tuiscint is leithne ar shainchultúr na hÉireann, ar stair a dúlra agus ar a háit sa domhan.

Ár Misean

Is é an aidhm atá againn ná:

  • oidhreacht ábhair iniompartha agus stair dúlra na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú, a chur chun cinn agus a thaispeáint;
  • Na bailiúcháin a mhíniú agus a chur chun cinn agus iad a chur ar fáil don lucht féachana sa bhaile agus thar lear;
  • A bheith mar ghuth údarásach ar ghnéithe ábhartha d'oidhreacht, cultúr agus stair dúlra na hÉireann;
  • An phríomhpháirt a choinneáil i gcúrsaí oideachais, taighde agus scoláireachta ó thaobh na mbailiúchán de.

Luachanna

Is é an aidhm atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ná na luachanna seo a chosaint agus a chleachtadh le linn ár gcuid oibre:

  • Fíordheimhneacht: saineolas cruinn agus cothrom sa chomhthéacs
  • Ag obair i gComhpháirtíocht: leis an bhfoireann, leis na páirtithe leasmhara agus na hinstitiúidí cuí in Éirinn agus in áiteanna eile
  • Sármhaitheas: ag obair chun sármhaitheas a bhaint amach inár ngníomhaíochtaí agus inár bpróisis
  • Infheistiú á dhéanamh i ndaoine: infheistiú á dhéanamh san fhoireann lena n-uasfhorbairt a chinntiú ó thaobh acmhainneacht agus sholáthar na seirbhísí ar an gcaighdeán is airde.

Tiomantas Ráitis Sheirbhíse

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil don chustaiméir. Leagtar amach caighdeán na seirbhíse ba chóir duit a bheith ag súil leis sa Chairt seo.

Déanfaimid iad seo a leanas:

  1. Déileálfaimid leat go cúirtéiseach agus le haird i gcónaí;
  2. Soláthróimid eolas iomlán agus cruinn maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann;
  3. Soláthróimid seirbhís ardchaighdeáin do raon leathan lucht féachana;
  4. Soláthróimid eispéireas cuairteora ar ardchaighdeán sna ceithre shuíomh ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Táimid dírithe ar a chinntiú go bhfuil ár limistéir phoiblí fáilteach, inrochtana agus glan;
  5. Beimid ar fáil le glaonna teileafóin a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine - agus seirbhís teagmhála teileafóin a sholáthar do chustaiméirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Músaem lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre agus ag an deireadh seachtaine. Nuair nach bhfuil an t-oifigeach atá uait ar fáil, déanfar tú a aistriú chuig córas glórphoist, a thabharfaidh eolas suas chun dáta duit faoi infhaighteacht an duine agus, mar is cuí, cén duine a rachaidh tú i dteagmháil leis/léi mura bhfuil sé/sí ar fáil. Mura féidir linn déileáil le fiosrúchán teileafóin láithreach, tógfaimid sonraí agus glaofaimid ar ais ag am a bheidh aontaithe leat;
  6. Admhóimid go bhfuarthas gach cumarsáid scríofa laistigh de 10 lá ón dáta a gheofar í agus soláthróimid freagra cuimsitheach laistigh de 20 lá ón dáta a gheofar í. Sonróidh an admháil an tréimhse riachtanach le freagra a sholáthar má bhíonn níos mó ná tréimhse 20 lá i gceist. Soláthrófar sonraí tagartha agus teagmhála iomlána le gach comhfhreagras;
  7. Admhóimid go bhfuarthas gach cumarsáid leictreonach laistigh de 10 lá ón dáta a gheofar í agus freagra cuimsitheach a sholáthar laistigh de 20 lá ón dáta a gheofar í. Sonróidh an admháil an tréimhse riachtanach le freagra a sholáthar má bhíonn níos mó ná tréimhse 20 lá i gceist. Soláthrófar sonraí tagartha agus teagmhála iomlána le gach comhfhreagras. Seolfar teachtaireacht neamhláithreachta chuig an seoltóir go huathoibríoch má tá ball foirne as láthair níos mó ná lá amháin, teachtaireacht a thabharfaidh eolas suas chun dáta faoi infhaighteacht an duine atá á lorg agus, mar is cuí, cén duine a rachaidh tú i dteagmháil leis/léi mura bhfuil sé/sí ar fáil;
  8. Beimid ar fáil chun casadh leat go poncúil trí choinne le linn uaireanta oibre;
  9. Coinneoimid ár láithreán gréasáin www.museum.ie suas chun dáta agus cinnteoimid go bhfuil eolas ann a bhaineann lenár gcustaiméirí;
  10. Soláthróimid seirbhís do chustaiméirí ar mian leo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Gearáin

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh mura bhfuil caighdeán na seirbhíse mar atá leagtha amach sa Chairt Chustaiméirí. Ba chóir gearáin a dhíriú ar an gcéad dul síos ar an duine nó an roinn ábhartha sa Mhúsaem lena raibh tú ag déileáil.

Mura bhfuil réiteach sásúil ar an scéal, ba chóir duit do ghearán a chur chuig An Stiúrthóir, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Tiomantas maidir le Feabhsú Leanúnach

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tiomanta raon na seirbhísí atá againn a fheabhsú go leanúnach. Cuirtear fáilte roimh thuairimí uait maidir leis an mbealach is fearr chun do riachtanais a shásamh agus conas is féidir linn d’eispéireas in Ard-Mhúsaem na hÉireann a fheabhsú.

Soláthrófar cártaí tráchta i suíomhanna poiblí an Mhúsaeim, agus cuirfear saoráid ar a láithreán gréasáin inar féidir aiseolas custaiméara a thabhairt ar líne agus spreagfar an fhoireann a gcuid teagmhála laethúla a úsáid mar mhodh le haiseolas a bhailiú ar chaighdeán na seirbhíse a sholáthraítear.

Déanfar monatóireacht leanúnach ar fheidhmíocht in aghaidh chaighdeáin na seirbhíse atá leagtha amach sa Chairt Chustaiméirí seo agus tabharfar tuairisc air sin i dTuarascálacha Bliantúla Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Déanfar an Chairt a nuashonrú ar bhonn bliantúil mar is cuí.

Láthair

Tá an Músaem suite ag ceithre shuíomh:

Conas teagmháil a dhéanamh linn

Uimh Theileafóin: +353 1 6777444

Seoltaí ríomhphoist: Tá seoltaí ríomhphoist ar leith ag an gcuid is mó den fhoireann san fhormáid seo a leanas - an chéad litir den chéadainm agus an dara hainm ina diaidh leis an bhfearann @museum.ie. Iad uile i gcás íochtair.

Mar shampla, bheadh John Smith ag jsmith@museum.ie agus bheadh Anne Duffy ag aduffy@museum.ie.

Athbhreithniú ar an gCairt Chustaiméara

Déanfar athbhreithniú ar an gCairt Chustaiméara seo go déanach in 2014.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions