Scipeáil chuig ábhar

Bainistiú Soláthraithe

Léigh tuarascálacha faoi sholáthar agus pras-íocaíocht an Mhúsaeim.

Tairiscintí

Is ‘údarás conarthachta’ é Ard-Mhúsaem na hÉireann, a dtugtar sainmhíniú air faoi Threoracha AE mar chomhlacht atá rialaithe ag an dlí poiblí. Mar údarás conarthachta, tá soláthar Ard-Mhúsaem na hÉireann rialaithe ag Treoir um sholáthar poiblí 2004/18/CE an 31 Márta 2004 ón AE, arna thrasuíomh go dlí na hÉireann le IR329 an 20 Meitheamh 2006.

Clúdaíonn Beartas Soláthair Ard-Mhúsaem na hÉireann caiteachas uile an Mhúsaeim, ach amháin réada oidhreachta, stoc do na hionaid mhiondíola, costais a bhaineann le párolla agus gné shuntasach den chaiteachas taistil agus cothabhála, Clúdaítear déantáin a fháil faoi bheartas fála agus diúscartha ar leith..

Is é cuspóir Bheartas Soláthair Ard-Mhúsaem na hÉireann ná deimhin a dhéanamh de go gcloíonn an Músaem go hiomlán le:

  • Treoracha Soláthair an AE agus Rialacháin na hÉireann
  • Treoracha um Sholáthar Poiblí 2004 - ‘Próiseas Iomaíoch’, a d’eisigh an Roinn Airgeadais
  • Cód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit 2001, a d’eisigh an Roinn Airgeadais
  • Dea-chleachtas maidir le soláthar go ginearálta

De réir ár nósanna imeachta inmheánacha agus na dtairseach Eorpach, fógróidh an Músaem a dheiseanna soláthair mar seo a leanas:

Soláthairtí / Seirbhísí

Oibreacha

Is é beartas an Mhúsaeim úsáid a bhaint as seirbhísí Oifig na nOibreacha Poiblí le haghaidh na gconarthaí oibreacha go léir.

Tuairiscí ar Íocaíochtaí Prasa
Orduithe Ceannaigh Os Cionn 20k


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions