Scipeáil chuig ábhar

Saolú Albert Bender agus Cúlra a Mhuintir

Portrait of Albert Bender, unframed etching on paper, Max Pollak, 1941

Rugadh Albert Bender, mac leis an Raibí Philip Bender agus Augusta Bremer, i mBaile Átha Cliath. Ba theaghlach Giúdach bróidiúil é muintir Albert Bender ach braitheadh a thionchar ní amháin in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe, ach sa Bhreatain agus san Afraic Theas.

Oideachas Albert Bender

Chuaigh Bender ar an mbunscoil ag 73 Sráid an Mhóta Íochtarach áit a raibh a athair, Philip, ina mhúinteoir agus mhúin sé Giúdaigh agus Críostaithe, rud annamh a tharla sa naoú haois déag in Éirinn.

Athair Albert Bender, Philip

Bhí an post ag Philip Bender freisin mar Raibí ar phobal na nGiúdach i mBaile Átha Cliath ó thart ar 1856-78. Tar éis fiche bliana d’fhág sé Éire lena theaghlach le dul go Hastings, Sasana, áit ar oscail sé Scoil Chónaithe do Ghiúdaigh a bhí aige ar feadh cúig bliana déag.

Ón scéala báis faoi in The Jewish Chronicle is cosúil gur thug a phobal dearbhú urraime dó nuair a d’fhág sé Baile Átha Cliath, inar dúradh: 

‘Mar gheall ortsa tugadh cultúr meabhrach ar ardchaighdeán dár bpáistí agus do na hiardhaltaí sin dár gcreideamh, a bhí mar alumni céimiúla den Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus a tharraing gradam ar ár bpobal.’

Deartháir Albert Bender, Alfred

Rugadh an deartháir is sine le Albert Bender, Alfred, i mBaile Átha Cliath in 1863. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste na Tríonóide, i mBaile Átha Cliath agus St. John’s College, Cambridge agus in 1892 bronnadh an gradam Mason Hebrew air.

Faoi 1895bhí sé mar Ard-Raibí ar Capetown agus Ollamh na hEabhraise in Ollscoil Capetown. Bhí clú ar Alfred mar gheall ar a fhlaithiúlacht agus a ghníomhaíochtaí daonnachtúla, go háirithe i réimse an oideachais. Labhair sé amach freisin i gcoinne an mhíchothaithe a bhí ar chuid mhór de pháistí Capetown, agus ina scéal báis sa Cape Times dúirt sé,

‘go minic chuir sé an milleán go poiblí ar chúrsaí polaitíochta mar gheall ar an gcaoi ina raibh an scéal seo a rá dá mbeadh níos lú polaitíochta san Afraic Theas go ndíreofaí níos mó ar na boicht agus iad siúd i ngátar agus iad siúd atá tinn.’

An Eisimirce agus Saibhreas

D’imigh Albert Bender ar inimirce go San Francisco nuair a bhí sé trí bliana dhéag d’aois áit ar thug a uncail, William H. Bremer, bróicéir loingseoireachta agus árachais, obair dó. Faoin am a bhí sé fiche bliana d’aois bhí sé i mbun oibre é féin mar ghníomhaire árachais neamhspleách agus bheadh sé an-saibhir. Bhí spéis aige i dtrí phríomhréimse bailiúcháin – an ealaín nua-aimseartha, leabhair agus ealaín na hÁise.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions