Scipeáil chuig ábhar

Cairdeas nach rabhthas ag súil leis: Albert Bender agus Adolf Mahr

An cairdeas ab ionaí a tháinig chun cinn mar thoradh ar thabhartais Albert Bender ba ea an cairdeas idir Bender agus stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Adolf Mahr.

Ba sheandálaí Ostarach é Mahr a bhí ceaptha mar Choimeádaí ar Rannóg na Seaniarsmaí Éireannacha d’Ard-Mhúsaem na hÉireann in 1927, agus a bhí mar Stiúrthóir ar deireadh in 1934.

Bhí Mahr mar an príomhtheagmhálaí i rith na tréimhse nuair a bronnadh ealaín na hÁise, 1931-36. Ach, bhí Mahr, go dtí mí na Nollag 1938, mar Gruppenleiter (ceannaire grúpa) de bhrainse Bhaile Átha Cliath den pháirtí Naitsíoch de Auslandsorganisation (eagraíocht thar lear). Ag cur san áireamh gur Giúdach a bhí in Albert Bender is mór an rud é gur rinneadh an tsraith tabhartas seo faoi mar a bhí cúrsaí den sórt seo.

Cultúr na hÉireann – ní Cultúr na hÁise!

Nuair a chinn Albert Bender ealaín na hÁise a bhronnadh ar Ard-Mhúsaem na hÉireann in ómós dá mháthair Augusta, rinne Mahr iarracht a mhíniú dó gurbh é sainchúram phríomhbhailiúcháin an Mhúsaeim ná cultúr ábhar na hÉireann a chaomhnú agus a léirmhíniú, seachas cultúr ábhar na hÁise.

Mhol Mahr go mbunódh Albert Bender ‘Leabharlann Seandálaíochta Augusta Bender’ nó ‘Seomra Augusta Bender’ in mbeadh taisí seandálaíochta, seachas bailiúchán ealaín na hÁise a chur le chéile i mBaile Átha Cliath. Ach, bhí rún ag Albert Bender go fóill leanúint ar aghaidh le bronnadh Ealaín na hÁise.

Rud an-spéisiúil is ea go raibh Mahr lárnach le roghnú na gcineálacha ealaíne den Áise a bronnadh tar éis na hoscailte oifigiúla de Sheomra Augusta Bender i mí an Mheithimh 1934. Chuir sé in iúl do Bender maidir leis an socrú don taispeántas agus chuir sé comhairle air maidir leis an ábhar breise a bheadh in oiriúint, mar shampla, níos mó priontaí Seapánacha seachas teicstílí.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions