Scipeáil chuig ábhar

Éamon De Valera agus Albert Bender

D'oscail Éamon De Valera an chéad ‘Seomra Cuimhneacháin Augusta Bender d'Ealaín an Chianoirthir’ ag Ard-Mhúsaem na hÉireann a bhí curtha le chéile ag an mbróicéir árachais agus daonchara Gael-Mheiriceánach Albert Bender, ar an 25 Meitheamh 1934

An tábhacht a bhain le hÉamon De Valera a bheith ag freastal air

Toisc gurbh é Uachtarán na hArd-Chomhairle a rinne a leithéid d'oscailt oifigiúil léiríonn sé seo cé chomh tábhachtach is a ceapadh faoi thabhartais Albert Bender don Mhúsaem.

Scríobh stiúrthóir an mhúsaeim a bhí ann ag an am, An Dr. Adolf Mahr, an óráid a thug De Valera an lá sin. Tugadh gach deis le béim a leagan ar an tábhacht a bhain le tabharthóirí a chothú in Éirinn nua neamhspleách, agus le hábhar na hÁise i gcomhthéacs oidhreacht an domhain.

Ócáid ollmhór shóisialta a bhí san oscailt ar ar fhreastail airí rialtais, ambasadóirí, státseirbhísigh shinsearacha agus cuid mhór d'intleachtóirí tábhachtacha Bhaile Átha Cliath.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions