Scipeáil chuig ábhar

Oidhreacht Albert Bender agus a Bhailiúcháin

I rith a shaoil, bhí spéiseanna éagsúla ag Albert Bender, agus ina measc bhí sé mar bhall de chumainn ar nós Cumann Réalteoaíochta an Aigéin Chiúin, an Cumann Geografach Ríoga agus Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann.

Cad iad na háiteanna eile ina raibh tabhartais ó Bender?

Chomh maith le hArd-Mhúsaem na hÉireann, bhronn Bender a bhailiúcháin orthu seo a leanas:

  • Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath;
  • Mills College, Oakland, California;
  • Palace of the Legion of Honor, San Francisco;
  • M.H. DeYoung Museum, San Francisco;
  • An Louvre, Páras;
  • The California School of Fine Arts;
  • The University of California;
  • Berkeley University;
  • Stanford University.

Bender mar Phátrún

Le linn na 1920idí agus na 1930idí bhí Albert Bender mar phátrún ar ealaíontóirí éagsúla, Ansel Adams ina measc. Is é is dóichí é ná go bhfuil eolas againn faoi Bender de bharr a phátrúnachta den ealaíontóir Meicsiceach Diego Rivera, ós rud é go bhfuair Riviera víosa chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1930 de bharr an tionchair a bhí ag Albert Bender le linn tréimhse nuair a bhí údaráis Mheiriceánacha amhrasach faoina bháúlacht don chumannachas. Le buíochas a ghlacadh leis dá phátrúnacht bhronn an t-ealaíontóir Frida Kahlo (bean chéile Rivera) portráid ar Bender den bheirt Frieda agus Diego Rivera.

Tabhartais don San Francisco Museum of Modern Art

Ceann de na hoidhreachtaí is fearr a d'fhág Albert Bender, seachas a bhailiúchán de litríochta agus d'ealaín na hÁise, is ea an bailiúchán de chuid San Francisco Museum of Modern Art. Chabhraigh a shraith tabhartas don institiúid sin (timpeall ocht gcéad réad ar an iomlán) an núicléas a chruthú dá bhfuil tar éis teacht chun cinn mar cheann de na músaeim ealaíne nua-aoisí a bhfuil ardmheas dó sna Stáit Aontaithe. Ó thaobh na hÉireann de is díol spéise ar leith grúpa léaráidí le Henri Matisse in 1935 d'fhoilseachán Nua-Eabhrac de Ulysses le James Joyce.

Iontaobhas Cuimhneacháin Albert M. Bender

Bunaíodh Iontaobhas Cuimhneacháin Albert M. Bender tar éis bhás Bender in 1941, ina rabhthas in ann dhá sparánacht a bhronnadh gach bliain sna réimsí ealaíne agus litríochta. Cinneadh go ndéanfadh an San Francisco Art Association an sparánacht cuimhneacháin a riar, ós rud é gurbh iad ealaíontóirí agus scríbhneoirí a bhí lonnaithe ar chósta iarthair an SAM a fuair an chuid is mó cabhrach ó Albert Bender le linn a shaoil.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions