Scipeáil chuig ábhar

Thangka Búdaíoch Tibéideach

Unique religious paintings on cotton, with Chinese brocade borders

Tá an dá phictiúr déag Thangka atá ar taispeáint ag an taispeántas Albert Bender ina gcuid de bhailiúchán níos leithne ina bhfuil fiche haon a léiríonn Arhat (deisceabail) an Bhúda, agus Ceithre Chaomhnóir ar Ceithre Charn an Domhain. Nuair a fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann iad i 1932, dúradh gur tháinig siad uile ó aon teampall amháin. Tá bailiúchán dá leithéid Thangkas fíor-annamh.

Cad is Thangka ann?

Bíonn roinnt feidhmeanna ag Thangkas i mBúdachas Tibéideach. Is féidir íomhánna de dhéite a úsáid mar uirlisí teagaisc. Is féidir leis na híomhánna seo feidhmiú nar fhócas lárnach le linn deasghnátha nó seanmóire agus mar mheán trínar féidir le duine paidir a ofráil agus achainí a dhéanamh ar an diaga.

Is féidir le duine amháin nó níos mó obair ar aon Thangka amháin. Tarraingíonn an máistir an imlíne, agus is féidir leis na cúntóirí an dathúchán a dhéanamh. Tá na Thangkas i mBailiúchán Bender chomh mór agus chomh casta sin go mbeadh gá le roinnt ealaíontóirí.

Go minic breathnaítear orthu mar taipéis bhalla dathannach, do Bhúdaigh Tibéideacha tá áilleacht sna pictiúirí reiligiúnda seo, deirtear gur léiriú iad ar an ní diaga, agus mar sin tá siad spreagúil.

Samplaí de Thangkas i mBailiúchán Albert Bender

Angaja (Tibéidis: Yan lag ‘byung)

Is é an t-aistriúchán ar a ainm sa Tibéidis ná ‘rugtha i bpáirt’ toisc gur saolaíodh é ó chorp a mháthar marbh nuair a bhí sí clúdaithhe ag lasracha. Creidtear go gcónaíonn sé in áit darbh ainm Slaibh Kailash le 1,300 arhat, Tá cáil ar Angaja as glaine agus cumhra a choirp.
 
Léirítear dhá réad taobh leis, smiotaire cuileoga déanta as eiraball ainmhí agus babhla túise. Léirítear in íomhánna eile é mar sheanfhear le bata agus leabhar le scríbhneoreacht Indiaich.
 

Bhadra (Tibéidis: bZang po)

Is é an t-aistriúchán atá ar a ainm ná ‘maith’. De réir chreideamh na mBúdach is é Bhadra an mac le carbadóir Rí Suddhodana, athair Bhúda Shakyamuni. Cónaíonn sé ar oileán in Abhainn Yamuna, san Ind le 1,200 arhat.

Bhí cáil ar Bhadra as a sheanmóireacht, a bhí i dteanga shoiléir agus shimplí. Mar sin, léirítear é ag adhradh nó le leabhar ina láimh. Uaireanta taispeánann léirithe eile de Bhadra sé in éineacht le tíogair, a ndéanann sé iarracht a smachtú..

Upasaka Dharmatala (Tibetan: dGe bsnyen dhar ma ta la)

Is é an t-aistriúchán ar a ainm ná ‘duine a mhéadaíonn teagasc Bhúda’. INí fhaightear é ach sa tsraith Shíneach agus Thibéideach de Ochtar Arhat Déag, agus breathnaítear air mar thuatach a bhí in shearbhónta ar an ngrúpa bunaidh Indiach de Seisear Arhat Déag Tá clú air as a eagna agus a shaíocht agus léirítear é le gruaig fhada ceangailte ar bharr a chinn.

Tá vása agus bata cuileoige ina lámha aige agus bíonn tíogar in éineacht leis ar thaobh na láimhe deise. Sa Thangka seo tá sé suite os comhair léiriú ar an mBúda Amitabha.

DB:1932.5


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions