Scipeáil chuig ábhar

1904-1905: Coimisiúnú agus Tógáil an Ascair

Colin Archer, ina longchlós i Larvik san Ioruaidh, 1903. Norsk Folkemuseum. Grianghraf: A.B. Wilse.

I mí Dheireadh Fómhair 1904 thaisteal Erskine agus Molly Childers agus a hathair an Dr. Hamilton Osgood go dtí an Iorua le tógáil na luaimhe an tAscar a phlé Colin Archer.

Phós Erskine agus Molly an Eanáir roimh ré  agus thairg an Dr. Osgood íoc as luamh  a thógáil mar bhronntanas pósta. Thosaigh an obair thógála i mí Aibreáin 1905 agus lainseáladh an t-árthach i mí Lúnasa den bhliain sin i gCalafort Larvik san Iorua

Dhear Colin Archer an tAscar cosúil le bád píolóta Ioruach idir 15 agus 17 tonna toillíochta. An t-éacht ba mhó de ghairm bheatha Archer ba ea na hárthaigh bhulcánta seo agus bhí Childers ar an eolas fúthu ón uair dá raibh sé níos óige agus é ag seoladh timpeall na bhfarraigí i dTuaisceart na hEorpa.

Bhí an t-árthach 15.5 méadar ar fhad agus bhí bíoma 4 mhéadar aige. Tógadh í nuair a bhí teicneolaíochtaí nua ag déanamh athraithe ó bhonn ar an mbealach inar tógadh báid adhmaid. An fhorbairt ba thábhachtaí ná an méadú ar úsáid na sábh meicnithe inaraibh ceardaithe loinge in ann bloc adhmaid a ghearradh go dtí an cruth beacht a bhí de dhíth. Thosaigh an tógáil i mí Aibreáin 1905. Bhí an-bhaint ag Childers sa phróiseas tógála mar atá le feiceáil sa mhéid mór comhfhreagrais a bhí idir é féin agus Archer agus iad ag plé cuid mhór de mhionsonraí thógáil na loinge. Ba ábhar imní mór é dó leagan amach inmheánach na loinge toisc go raibh a bhean chéile Mary (Molly) tar éis fulaingt mar pháiste agus a cos a ghortú agus bhí deacrachtaí aici siúl.

Tógadh an tAscar as cineálacha éagsúla giúise agus darach, agus méideanna beaga adhmad eile do chodanna áirithe. Thosaigh an próiseas tógála nuair a crochadh an t-árthach (rinneadh é a tharraingt amach go hiomlán le bheith cinnte gur mheaitseáil na codanna lena chéile). Bhainfí úsáid as an treoirphlean mar theimpléad chun na codanna a mharcáil amach ar an mbloc adhmaid réidh le gearradh. Leagfaí an chíle ar dtús agus ansin easnacha an árthaigh. Nuair a bhí sé seo déanta dhéanfadh an máistircheardaí loinge, sa chás seo Colin Archer, an fráma a mheas le bheith cinnte de go raibh sé siméadrach sula mbeifí in ann tosú ar an obair ar phlancáil na cabhlach. Ina dhiaidh seo thógfaí an taobh istigh agus an deic agus chuirfeadh saineolaithe na rigíní le chéile.

Seachas cúpla mionpholl agus ceisteanna faoi chaighdeán na seolta, bhí Erskine agus Molly an-sásta leis an árthach.  


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions