Scipeáil chuig ábhar

1961-1974: Seirbhís mar Árthach Oiliúna

D'fhreastal an t-Ascar athchóirithe mar árthach oiliúna seoltóireachta agus ghlac sí páirt in ócáidí idirnáisiúnta do longa móra.

Ar feadh blianta ina dhiaidh sin baineadh úsáid mhaith as an Ascar mar árthach traenála do dhaltaí cabhlaigh, ach bhíothas amhrasach faoin  todhchaí a bhí aici. Bhí na costais chothabhála ard agus chaith an t-árthach an-chuid ama ar an duga tirim. Ag an bpointe seo rinneadh an moladh í a choinneáil mar long mhúsaeim, ach bhí daoine a bhí ag iarraidh an long a choinneáil mar árthach oibriúcháin a bhí ina choinne. 

Sa bhliain 1968 aistríodh an fhreagracht don long chuig an Roinn Airgeadais. Deimhníodh go raibh an t-árthach le fanacht ar snámh ag feidhmiú mar an chéad árthach seoil traenála do shibhialtaigh. Leis an long seo a bhainistiú agus ról nua aici bunaíodh coiste ar a raibh luamhairí le taithí.

Rinneadh athchóiriú ar an árthach agus tugadh an taobh istigh suas chun dáta le riachtanais chriú na ndaoine faoi oiliúint a chomhlíonadh, agus cuireadh cábán stiúrach ann in ionad chró an phíolóta a thug cosaint níos fearr ó na heilimintí. Ansin cuireadh í faoi cheannasaíocht Eric Healy a bhí mar chaptaen na loinge don tréimhse a chaith sí mar árthach traenála.

Ar feadh na chéad 6 bliana eile d’fheidhmigh an tAscar mar árthach traenála agus luamh rásaíochta. Bhí an deis ag níos mó ná 1,500 duine faoi oiliúint seoladh inti le linn na mblianta seo. Ghlac sí páirt freisin in ócáidí long arda idirnáisiúnta inar éirigh go maith léi agus bhuaigh sí rásaí áirithe i rith na mblianta.

Na príomhrudaí a mheall daoine faoi ba ea tábhacht stairiúil an árthaigh agus an chaoi ina raibh sé mar an t-aon fhíordheis chun taithí a fháil ar an saol ar bord  loinge den sórt sin.

An Sola ar bord an Ascair

Ní dócha go raibh mionsonraí an tsaoil ar bord loinge chomh tarraingteach sin. De ghnáth sheol an t-árthach le timpeall 13 duine, agus ina measc bhí an Captaen Eric Healy, 3 nó 4 luamhaire le taithí a bheadh in ann gníomhú mar oifigigh agus ceannairí ar faire, agus 7 nó 8 duine faoi oiliúint. 

Dá bhrí sin bhí spás cónaithe gann ina mbeadh ar bhall amháin den chriú codladh ar an mbord cairte. Chomh maith leis sin bhí tais san áit chodlata toisc gur sceith an tseanchabhail an t-uafás uisce.

Scor

Go déanach i 1973 fógraíodh go mbeadh árthach nua a bhí níos mó ann in ionad an Ascair a d’fhéadfadh páirt a ghlacadh i rásaíocht thrasatlantach. Ghlac an tAscar páirt i dtrí rás deiridh i 1974 sular cuireadh as feidhm í go brách.

I mí Aibreáin 1979 cuireadh í ar taispeáint i dtailte Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions