Scipeáil chuig ábhar

Seomra Ceoil ón 19ú hAois

Dearadh seomraí agus cuireadh troscán iontu le cur leis an gceol, le tacú leis an taibheoir, agus le hatmaisféar a chruthú don lucht éisteachta.

Le linn na 19ú haois, bhí an-éileamh ar sheomraí ceoil i measc na n-uasalaicmí. Dearadh seomraí agus cuireadh troscán iontu le cur leis an gceol, le tacú leis an taibheoir, agus le hatmaisféar a chruthú don lucht éisteachta.

Cuireadh an pianó isteach sa seomra sa chaoi is go raibh an chuid sopráin den mhéarchlár i dtreo an lucht éisteachta. Cuireadh pianónna ingearacha ar fiar ón mballa leis an éifeacht acústach a mhéadú agus a chinntiú go raibh an seinnteoir le feiceáil.

Le linn na ré Victeoirí bhainfeadh an taibheoir úsáid as stól pianó nó cathaoir imrothlach. Rinneadh iad seo a dhearadh go slachtmhar, inleagtha le hadhmad a bhí snoite go hilchasta.

Le linn na tréimhse seo bhain déantóirí uirlisí ceoil Gaelacha an-cháil amach. Ba é John Egan an príomhdhéantóir de chruiteanna na hÉireann, ag obair i mBaile Átha Cliath ó 1801-1841. Rinne sé níos mó ná dhá mhíle cruit agus bhain sé cáil amach as ucht an “Cruit Ríoga Iniompartha” a chumadh. Agus é trí troithe ar airde, measadh gur mhéid den scoth a bhí ann do mhná de na móruaisle.

Is féidir leat amharc ar fhíseán de Nancy Hurrell ag seinm ar chláirseach ioniompartha a rinneJohn Egan.

Rinneadh na cruiteanna i ndath dubh, gorm nó glas agus péinteáladh iad de láimh le seamróga óir. Sholáthair an déantóir Pianónna, Samuel Morland, a raibh a cheardlanna aige ar Shráid Mecklenburgh Íochtarach idir 1809 agus 1832, pianónna agus cruitchláir as mahagaine agus rósadhmad.

Lean an móréileamh sa 19ú haois a bhí ar an gcruit gloine, a cheap an tÉireannach Richard Pockrich i 1741.

Is féidir leat ceann de na huirlisí neamghnácha sin a fheiceáil á seinm ag www.roberttiso.com or read more about Richard Pockrich agus an Cláirseach Gloine anseo.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions