Scipeáil chuig ábhar

John Egan

Cruit le John Egan

Faigh amach faoi John Egan, an príomhdhéantóir de chruiteanna na hÉireann, a bhíodh ag obair i mBaile Átha Cliath ó 1801-1841.

Le linn ghairm bheatha John Egan, rinne sé níos mó ná dhá mhíle cruit agus d'éirigh sé cáiliúiil mar gheall ar an “Cruit Ríoga Iniompartha.” a cheapadh. Agus í trí troithe in airde ceapadh go raibh sí foirfe do mhná den uasaicme.

Rinneadh na cruiteanna i ndath dubh, gorm, glas nó rinneadh i ngnáthadhmad iad uaireanta. Péinteáladh iad de láimh le seamróga óir. Sna hinscríbhinní ar na plátaí práis bhí an barántas ríoga, armas an Rí Seoirse IV agus seoladh gnó Egan ag 30 Sráid Dhásain áit a ndearna sé cruiteanna ó 1815 go dtí 1835.

Tógáil cruite nua

In 1807 bunaíodh Cumann Cruite Bhéal Feirste agus athbhunaíodh é in 1819, ag leanúint ar aghaidh go dtí 1839. Rinne John Egan na cruiteanna don chumann. Bhí cordaí sreinge ar na cruiteanna luatha de chuid Egan agus bhí fuaimbhoscaí cruinne agus tacaithe acu, cosúil le cruiteanna troitheánacha de chuid Sebestien Erard.

Lena aireagán nua, bhí Egan cliste agus an cruth de chruit ársa na hÉireann aige in éineacht le tógáil agus meicníocht chruiteanna Erard, agus úsáid na gcnaipí digiteacha, a bhíodh in úsáid ar chruitliúiteanna ar dtús. Bhí cordaí snáithe ar na cruiteanna iniompartha, chomh maith leis an airgeagán breise de mheicníocht foirc. In ionad na dtroitheán rinneadh na dioscaí a ghníomhachtú le seacht gcnaipe nó diail eabhair a d'fheidhmigh de láimh laistigh den cholún. Bhí siad seo ceangailte le slata laistigh den cholún agus nasctha leis na dioscaí sa mhuineál. Nuair a rinneadh diail a ghníomhú chas na dioscaí comhfhreagracha don tuinairde sin i ngach ochtach. Bhí foirc ar na dioscaí a phinseáil na cordaí agus a d'ardaigh an tuinairde. Lena aireagán nua, bhí Egan cliste agus an cruth de chruit ársa na hÉireann aige in éineacht le tógáil agus meicníocht chruiteanna Erard, agus úsáid na gcnaipí digiteacha, a bhíodh in úsáid ar chruitliúiteanna ar dtús.

An úsáid ag dul i léig

Bhí an chruit Ríoga Iniompartha agus na gloiní ceoil san fhaisean ar feadh tréimhse – d'imigh siad i léig de bharr na gcoinníollacha sóisialta a bhí ag éirí níos measa, nuair a d'imigh cuid mhór pátrún saibhre ó Éirinn. Is é is dóichí gur imigh cruit Egan i léig toisc gur thit Cumann Cruite Bhéal Feirste as a chéile in 1839 agus go raibh an mheicníocht dhigiteach sin sách trom. Ach bhí sé oiriúnach le hamhráin a sheinm de chuid Thomas Moore, a fuair Cruit Ríoga Iniompartha ó John Egan. Chuir aireagán Egan go mór le stair cheol na hÉireann. Mar a dúirt Thomas Moore uair amháin, “The ordinary arts we practice every day at home are of more importance to the soul than their simplicity might suggest.”


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions