Scipeáil chuig ábhar

Robert Strahan

Bunaíodh comhlacht troscáin Robert Strahan and Co sa bhliain 1776.

Ag oibriú ó fhoirgneamh ar 10-11 Lána na Seansaireachta, faoi 1815 bhí rath chomh mór sin air gur oscail dhá cheardlann nua ag 24-25 Sráid Anraí agus ag 5 Sráid Laighean i 1845.

haispeáin siad a saothar i dtaispeáantas mór tionsclaíochta BHaile Átha Cliath sa bhliain 1853, áit a raibh scoth na samplaí de dhearadh agus de dhéantúsaíocht na hÉireann ar taispeáint. Sa bhliain 1870 bhog an comhlacht go Sráid na Mainistreach agus lean said ag trádáil faoi ainm sean-bhunaithe an teaghlaigh go dtí 1969.

Le pátrúnacht ó Oifig na nOIbreacha Poiblí, dhear agus rinne an comhlacht troscán d'ard-cháilíocht ach gan maisiú go minic. Bhí saothar eile, áfach, ar nós boird gallchnó a taispeánadh ag an dara Taispeántas Idirnáisiúnta i Londain i 1862, i bhfad níos maisithe, ag léiriú an tiochair a bhí ag dearthóirí ar nós Thomas Hope (1769-1831) agus Richard Bridgens (1785-1846). Léirithe sa Art Journal Illustrated Catalogue do thaispeántas Londain, bhí an tábla maisithe go trom le maircíneacht chasta, diulliúr i scrollaí, mascanna, scrolling foliage, mascanna, obair strapa agus cartúis.

Dhear Strahan troscán do roinnt de thithe móra na hÉireann ar nós Cúirt Dhún ar Aill, Co. Chorcaí agus Lios na bhFeá, Co. Chetharlaigh.

Tá líníocht de throscán a rinne Strahan ar taispeáint i Seomra 5 of Cheithre Chéad Bliain de Throscánaíocht.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions