Scipeáil chuig ábhar

Cloig le Cásanna Fada

Tá oidhreacht shaibhir ag Éirinn i ndéanamh clog ag síneadh siar chomh fada leis an 17ú haois, ach tá fíor-bheagán samplaí ón tréimhse roimhe sin a mhaireann fós.

Ó thaobh stíle de, bhí tionchar mór ag na faisin chomhaimseartha i Londain agus ag mór-roinn na hEorpa, cé nach raibh sé chomh mór sin, ar chloig na hÉireann. Ó na 1750idí tháinig stíl Chippendale na hÉireann chun cinn. Bhí na diaileanna mór agus déanta as práis. Bhí na cásanna déanta as gallchnó, iúr, maoildearg agus adhmaid éagsúla eile, de réir mar a d'athraigh na faisin troscáin. Ar dtús bhí cochaill na gclog réidh agus lean siad an maisiúchán de throscán comhaimseartha, le tréithe ailtireachta comhfhreagracha.

Níos déanaí sa chéad d'éirigh peidiméidí ealaphíbe coitianta. De réir mar a lean an céad ar aghaidh d'éirigh na diaileanna práis ardghreanta níos simplí. Ós rud gur breathnaíodh ar chloig le cásanna fada mar shiombailí stádais, lean agus léirigh siad na stíleanna troscáin a bhí ag athrú, mar shampla, Rocócó, Nuachlasaiceacha, Leasríochta agus Victeoiriacha.

Bhí cloig sa stíl Nuachlasaiceach, leis na diaileanna péinteáilte agus peidiméidí stuach briste, coitianta idir 1780 agus 1820. Mar aon leis na meáin eile, léirigh na cloig Victeoiriacha réimse leathan stíleanna agus dearthaí agus sa dara leath den 19ú haois tháinig móitífeanna nuaCheilteacha chun cinn mar thréithe stíleacha ar chásanna agus ar chochaill.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions