Scipeáil chuig ábhar

Ceisteanna Coitianta faoi Throscán Tuaithe na hÉireann

Léigh na ceisteanna is coitianta a chuirtear faoi Throscán Tuaithe na hÉireann.


An bhfuil aon saintréithe Éireannacha i mboird cistine?

Níor measadh an bord mar phíosa lárnach troscáin i dteach Éireannach go traidisiúnta, toisc go raibh saol an tí dírithe ar an tinteán, an áit ina ndearnadh béilí a chócaráil, a roinnt agus a ithe.
Níor éirigh boird coitianta go dtí déanach sa 19ú haois, agus fiú ansin coimeádadh chuig taobh an tseomra é de ghnáth, i gcoinne an bhalla seachas i lár an urláir, mar a bhí coitianta sna tithe feirme i Sasana. Bhí a leithéid de bhoird simplí agus ní raibh iontu ach clár nó dhó, mar an gcéanna le dearadh na Sasanach. 


Cathain a tháinig deireadh le troscán tuaithe traidisiúnta?

Sna 1950idí tháinig éileamh níos mó ar throscán ó mhonarchana, déanta scaití as ábhar nua níos saoire cosúil le sraithadhmad. Tháinig sé seo isteach in áit na stíleanna dúchasacha. Déantar agus díoltar a leithéid de throscáin fós i gceantair tuaithe.


Cé a rinne an troscán a fuarthas i dtithe tuaithe?

Rinne cearpantóirí, siúinéirí agus rothadóirí áitiúla an troscán adhmaid den chuid is mó. Anuas air sin, rinne go leor caoladóirí píosaí troscáin ar nós cathaoireacha agus cliabháin do leanaí ag baint úsáide as slata caolaigh go dtí chéad bhlianta an fichiú haois..
Rinne muintir an tí féin troscán go minic ag baint úsáide as tuí trilsithe; rinneadh cineálacha éagsúla cathaoireacha, stóil, mataí agus tochtanna as tuí go dtí lár an 20ú haois.


Cé chomh tábhachtach is a bhí an drisiúr sa teach?

Ba é an drisiúr an píosa troscáin tí ba mhó luach i dtithe Éireannacha, os rud é gur leis an drisiúr a léiríodh saibhreas agus stádas an teaghlaigh. Bhí racaí agus seilfeanna i mbarr an drisiúir go hiondúil agus bhíodh gréithe ceirmeacha crochta orthu, agus bhíodh cófra nó spás oscailte in íochtar an drisiúir.
Chuir an drisiúr an spás stórála ar fad a bhí ann dó ar fáil, le spás stórála i gcomhair bia, potaí agus uirlisí déanta ime. Ba as péine a bhí sé déanta agus cuireadh péint air ionas go mbreathnódh sé saibhir agus galánta.
Bhí an drisiúr cúibe ann freisin, a d’úsáid an píosa íochtair chun cearca a choinneáil ann. Chinntigh an áit seo a bhí te teolaí agus sábháilte taobh istigh den teach go raibh uibheacha ar fáil don teaghlach i rith na bliana ar fad.


Céard iad na rudaí is mó a raibh tionchar acu ar dhearadh agus ar dhreach throscán dúchasach na hÉireann?

Bhí tionchar láidir ag troscán dúchasach Shasana agus na Breataine Bige, a bhí bunaithe go maith faoi seo, ar thraidisiún troscán dúchasach na hÉireann, agus tá go leor cosúlachtaí idir na stíleanna troscán.
I measc na dtionchar eile tá stíl throscán na dtithe saibhre, a chuir ceardaithe áitiúla in oiriúint don teach tuaithe go minic, Tá sé seo le feiceáil freisin san aithris ar adhmad snáitheach daor le modhanna cosúil le péinteáil agus ‘screamhú’ ina gcuirtear ruaim ar bhunchóta éadrom, agus tarraingítear de é le cíor snáithithe.
Is féidir le héagsúlachtaí réigiúnacha i stíleanna troscán a dtionchar a chur in iúl freisin. Tá suíochán trom tríchosach de dhair agus fuinseog a rinneadh i gcontae Mhaigh Eo i lár an 19ú haois ar taispeáint i ngailearaí Troscán Tuaithe na hÉireann; seo cineál cathaoir nach bhfaightear ach amháin i gConnacht agus tá sé ráite go bhféadfadh gur coilínigh Albanacha a thug go dtí an cúige i dtosach é.
Ar taispeáint freisin tá cathaoir chistine ón 18ú haois le suíochán cláir agus fearsaidí casta fíneáilte ó Chontae an Dúin; is cineál cathaoir í atá neamhghnách in Éirinn agus is dóigh gur faoi thionchar dhearadh cathaoireacha Shasana a rinneadh í. Gné choitianta maidir le drisiúir ó chontaetha an tuaiscirt ná a ndearadh simplí agus maisiú éadrom, mar thoradh ar thionchar ón Albain, b’fhéidir.
Ar an tionchar ba mhó a bhí ar dhearadh throscán traidisiúnta na hÉireann bhí tréithe an tí féin; bhí nithe ar leith, cosúil leis an leaba sa chúlseomra agus cófraí agus drisiúir a bhí tógtha isteach sa bhalla, tógtha go speisialta chun dul in oiriúint don spás a bhí ann dó, nó deartha chun a bheith ilfheidhmeach agus spás a shábháil dá bhrí, cosúil leis an leaba shuíocháin.


Cén cineál cathaoireacha a bhí le fáil i dtithe in Éirinn?

Is cosúil gurb í an chathaoir an píosa troscáin is sine atá le fáil in Éirinn. Ceann de na cineálacha suíocháin is luaithe a fuarthas i dteach tuaithe ar bith ná an ‘creepie’; stól garbh a déantar as lomán ardaithe ón urlár go minic. Ar fud an taispeántais de Throscán Tuaithe na hÉireann á mórán stíleanna stólta agus cathaoireacha ar taispeáint, lena n-áirítear cathaoireacha súgán (téad) agus cathaoireacha uilleacha tuí.
I measc na gcineálacha eile cathaoireacha Éireannach tá an chathaoir cistine a bhfuil cúl dréimreach uirthi, cathaoir an tsiúinéara tuaithe, cathaoir Windsor agus dearaí éagsúla a ainmníodh i ndiaidh a gceantair, ar nós cathaoireacha Shligigh agus Liatroma.


Cén cineál leapacha a bhí sa teach tuaithe in Éirinn?

Ba rud é an ‘cúlseomra’ a bhí i go leor tithe traidisiúnta tuaithe. Cuid bheag den fhoirgneamh ab ea é seo a bhí ag gobadh amach ón bhalla an tí, agus a chruthaigh spás beag breise istigh sa teach in aice an teallaigh. Thógtaí fráma leapa chun an spás a líonadh, ag cur áit codlata teolaí ar fáil.
Bhí an leaba shuíocháin coitianta go maith freisin. Is suíochán le droim ard a bhí anseo ar dtús a tháinig ó Shasana. Rinneadh leaba shuíocháin de seo in Éirinn san 18ú haois, áit a bhféadfaí an suíochán a fhilleadh amach chun leaba a dhéanamh, chun spás breise a chur ar fáil do mhuintir an tí nó do chuairteoirí chun codladh ann..I measc na gcineálacha eile leapacha a bhí i dtithe Éireannacha bhí an réidhleaba (leaba íseal, cothrom gan taobhanna crochta) agus an leaba téastair (ar a dtugtaí ‘carr’ nó leaba ‘Cláir’ freisin). Bhí clúdach adhmaid nó téastar agus taobh amháin oscailte le cuirtín a d’fhéadfaí a tharraingt ar an leaba seo chun teas agus príobháideacht a thabhairt don duine. Chuir na húdaráis leighis i gcoinne a úsáid ar chúiseanna sláinteachais sa 19ú haois, agus is beag samplaí den chineál seo leapa a mhair isteach san 20ú aois.


Cén cineál troscáin a bhí i dteach Éireannach sa tréimhse seo?

Sa ghnáth-theach tuaithe bhíodh troscán adhmaid ar nós cathaoireacha, drisiú, leaba shuíocháin agus b'fhéidir troscán stórála ar nós bosca mine agus cófra bia sa chistin nó cois teallaigh. Bhíodh leaba tógtha isteach i gcúlseomra an tí freisin..
Ag brath ar shaibhreas an teaghlaigh, d’fhéadfadh troscán cosúil le cófra cúinne agus cófra spré (nó bosca brídeoige) a bheith ann freisin; cófra stórais a úsáideadh chun línéadach, pluideanna agus giuirléidí pearsanta a stóráil. 


Cén cineál troscán a bhí i dteach Éireannach roimh lár an 19ú haois? Agus ar mhair aon chuid de?

Roimh dheireadh an 18ú haois agus ó thús an 19ú haois ba ag na haicmí talún is mó a bhí troscán. Bhí cófraí stórála darach coitianta, cé nach bhfuil mórán samplaí fós ann mar thoradh ar dhíshealbhú talún agus scrios tithe sa 17ú agus 18ú haois.


Cén cineál troscán a úsáideadh i gcomhair stórais?

Tá an cófra ar cheann de na cineálacha troscáin is luaithe a bhí in Éirinn, agus cuireann sé spás stórais ar fáil i gcomhair bia, éadaí, cáipéisí pearsanta agus nithe luachmhara eile. Ní raibh fáil ar na chéad chófraí ach amháin i dtithe na n-aicmí talún, agus bhí siad déanta as dair. De réir mar a bhí fáil ar adhmad níos saoire cosúil le déil agus péine, agus a mhéadaigh rath na n-aicmí tuathánach san 18ú aois, d’éirigh an cófra níos coitianta mar bhall troscáin.
Déantar cur síos ar chófraí péine mar chófra spré nó mar bhosca brídeoige agus úsáideadh iad chun pluideanna agus línéadach fíneáilte a choinneáil a thug brídeog léi chuig a teach nua.
Ba tábhacht ag baint leis an mbosca mine, agus úsáideadh é chun earraí tirime cosúil le plúr, arbhar agus min choirce a stóráil i rith míonna an gheimhridh. D’éirigh cófraí bia níos coitianta le linn an naoú haois déag, go háirithe i gcistineacha thithe feirme móra.


Cén cineál uirlisí a bhí in úsáid?

Ba spúnóga na huirlisí ba mhó a úsáideadh, agus rinneadh iad as aon ábhar crua seasmhach a bhí ar fáil. D’fhéadtaí spúnóga a shnoí ó adharc, ó chnámh agus ó adhmad, agus go minic cuireadh dearaí casta orthu. Dhéanadh ceardaithe áitiúla liacha as adhmad go minic.


Cén uair a bunaíodh an stíl dhúchasach Éireannach?

D’fhorbair traidisiún an troscáin dhúchasaigh in Éirinn i bhfad níos déanaí ná mar a tharla i Sasana agus sa Bhreatain Bheag. Mar gheall ar an mbochtanas agus an scrios a tharla mar thoradh ar na cogaí sa 17ú haois, ní raibh troscán coitianta i dtithe tuaithe na hÉireann le linn na tréimhse seo..
Ag deireadh na 18ú agus tús na 19ú haois, áfach, tháinig méadú ar shaibhreas roinnt de na tuathánaigh agus mar thoradh air sin, chomh maith leis an ardú i líon na gceardaithe oilte agus i soláthar péine iompartáilte, cuireadh troscán ar fáil do níos mó de dhaonra na tuaithe. 


Cén uair a d’éirigh caibinéid thaispeántais cosúil le cófraí cúinne coitianta i dtithe Éireannacha?

Sa 19ú haois, d’fhorbair teach dúchasach na hÉireann thar an leagan amach a bhíodh ann le seomra amháin, agus cuireadh seomraí nua le tóin an tí.
Seomra amháin den chineál seo ab ea an parlús, agus coinníodh é seo i gcomhair úsáid ‘mhaith’, cuairteanna ó dhaoine tábhachtacha sa phobal cosúil leis an sagart paróiste de ghnáth. I measc an troscáin a bhíodh sa pharlús bhí an cófra cúinne glónraithe, a úsáideadh chun nithe cosúil le píosaí ceirmeacha agus gloine a léiriú, rud a thaispeáin saibhreas an teaghlaigh.


Conas a thug daoine aire dá gcuid troscán?

Tugadh aire na coinnle do throscán an teaghlaigh agus go minic thugtaí ar aghaidh ó ghlúin go glúin é. Rinneadh troscán a phéinteáil den chuid is mó; chabhraigh sé seo chun an t-adhmad a chosaint in áiteanna taise, agus bhí an píosa níos tarraingtí mar gheall air sin. Bhí troscán péinteáilte níos éasca le coinneáil glan freisin.
Is minic a péinteáladh cóiritheoirí agus cófraí faoi dhó sa bhliain, mar sin bíonn a lán cótaí péinte orthu, rud a léiríonn an t-athrú a thagann ar an tóir a bhíonn ar dhathanna difriúla síos tríd na blianta.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions