Scipeáil chuig ábhar

Cad atá sa Stór: Earraí Gloine

Two-handled sugar bowl and plate, flint glass, cut and moulded, Waterford, c.1820

Is féidir le cuairteoirí ar an ngailearaí Cad atá sa Stór? breathnú ar bhailiúcháin an Mhúsaeim a choimeádtar i stóras de ghnáth. Léigh níos mó faoin mbailiúchán d’earraí gloine atá ina ghné den ghailearaí seo.

Monarcha gloine Pugh, Nua-aimseartha agus Comhaimseartha

Baineann stair an mhonaraithe gloine i mBaile Átha Cliath le linn deireadh an 19ú haois le muintir Pugh. I mBealtaine 1863 ghlac Thomas Leetch agus Thomas agus Richard Pugh an mhonarcha gloine Potter’s Alley ar Shráid Mhaoilbhríde ar lámh ó ghnólacht Irwins. Rinneadh réimse leathan gloine tí agus thionsclaíoch. Chuir siad saoirseacht na gceardaithe ba mhó éilimh a bhí ina gcónaí i mBaile Átha Cliath ag an am i mbun oibre. Faoi choimirce ghnó Pugh, d’fhorbair an greanadóir gloine Boihéamach mór le rá Franz Tieze stíl thar a bheith indibhidiúil agus galánta ina bhfaightear réimse de mhóitífeanna nádúraíocha agus nua-Cheilteacha. D’éirigh go maith le Tieze, agus le greanadóirí eile ar nós Joseph Eisert agus William Hieronimus Fritchie, i dtaispeántais thionsclaíocha na hÉireann i ndeireadh an 19ú haois de bharr ardchaighdeán a gcuid ceardaíochta.

Le dúnadh na monarchan gloine Potter's Alley, c.1890, ní raibh aon déantúsaíocht gloine breochloiche in Éirinn go dtí gur oscail Waterford Glass (Waterford Crystal anois) i 1947 i mBaile Thrucail, Port Láirge. Cuireadh caipiteal isteach san fhiontar go luath sna 1950idí agus tá clú bainte amach ag Waterford Crystal dó féin anois ag leibhéal idirnáisiúnta mar bhranda a bhaineann go sainiúil le hÉirinn.

Tá Ealaín Ghloine Éireannach chomhaimseartha tagtha chun cinn le níos déanaí anuas. Ba é bunú na gluaiseachta Gloine Stiúideo sna Stáit Aontaithe le linn na 1960idí a spreag é agus tá fíor-dhearadh comhaimseartha (saothar á tháirgeadh ag ealaíontóir ón gcoincheap go dtí an réad deireanach) in Éirinn ó luath sna 1970idí. Bhunaigh Simon Pearce an chéad stiúideo gloine sa tír seo i gCill Chainnigh. Inniu tá thart ar 350 duine bainteach le gníomhaíochtaí bunaithe ar stiúideonna gloine. I measc na n-ealaíontóirí atá léirithe sa Stór tá Paul Devlin, Bob Frazier, Alva Gallagher, Elaine Griffin, Deirdre Rogers, Karen Scally, Shirley Steadmond, Suzannah Vaughan and Catherine Wilcoxson.

Gloine Ailtireachta, Gloine Veinéiseach

Tagann an ghloine ó cheantar gabhála na Róimhe ón 2ú haois BC agus rinneadh í ar fud na himpireachta sin. Bhí dhá mhodh táirgeachta in úsáid. Bhain an chéad cheann úsáid as múnla ónar táirgeadh samhlacha de chaimeo agus intaglio agus cuireadh ar throscán, miotalóireacht nó earraí gloine iad ansin. Sa dara modh, séideadh soitheach gloine isteach i múnla. ‘Unguentaria’ a thugtar ar na cineálacha fleascanna múnlaithe a dhéantar mar thoradh air seo. Is foirm mhaisiúcháin thréithiúil atá i sraith easnacha comhthreomhara atá curtha ar an taobh amuigh den ghloine nó múnlaithe anuas uirthi. Fuarthas gloine Rómhánach ón mBailiúchán Náisiúnta in áiteanna cosúil le Mount Carmel, Iarúsailéim, Herculaneum, Hebron, Tyre, Nazarat, Sidon, Beth Gibrin, an Chipir agus Caireo.

Tagann an bailiúchán gloine Veinéiseach ón 17ú go dtí 19ú haois. I measc na gcatagóirí aitheanta de ghloine Veinéiseach tá gloine chruanta agus óraithe; trédhearcach neamhdhaite (cristallo), reoghloine, millefiori (meascán de chánaí gloine de dhathanna éagsúla) agus schmelz. Táirgeadh an modh deiridh seo ag aithris ar mharmair agus ar chlocha lómhara éagsúla, agus tugann siad cuma féitheach breac de dhathanna gorm-uaine agus corcra. Is í an teicníc is aitheanta a bhaineann leis an Veinéis, agus Murano go háirithe, ná Vetro di Trina (gloine lása). Bhí athbheochan déanta ar an modh seo faoi 1830 - 1840, agus is éard atá ann ná na snáitheanna míne de ghloine dhaite nó gheal (Latticinio) a shníomh isteach i gcorp réada

Gloine Éireannach san 18ú agus sa 19ú hAois

Tháinig gloine breochloiche ardchaighdeáin Éireannach ar an saol mar thoradh ar thrí dhlí a achtaíodh agus a chuaigh i gcion ar dhéantúsaíocht agus ar thrádáil gloine le linn na 1770í agus na 1780í. Nuair a baineadh na srianta, mheas lucht gnó go raibh inmharthanacht ag baint le táirgeadh gloine in Éirinn. Bhí tréimhse ratha i ndéantúsaíocht gloine ann go dtí gur gearradh srianta trádála (Acht Mál an hÉireann) in 1825. Tá sé ráite ag roinnt tráchtairí gur tréith amháin a bhí ag gloine Éireannach san 18ú haois déanach agus sa 19ú haois luath ná an méadú sna úsáid a baineadh as miotal sa ghloine, agus na dearthaí ar leith a bhaineann leis an tréimhse dá bharr. Ag an am sin baineadh barr réime amach sa déantúsaíocht gloine thionsclaíoch i gcathracha Phort Láirge, Chorcaí, Bhéal Feirste agus Bhaile Átha Cliath.

Sa bhliain bhunaigh 1783 George agus William Penrose an chéad déantúsaíocht gloine i bPost Láirge; sa bhliain chéanna, bhunaigh Messrs. Hayes, Burnett agus Rowe an Cork Glass Company. Sa bhliain 1776, bhunaigh Benjamin Edwards monarcha gloine ag Baile Mhic Gearóid lasmuigh de Bhéal Feirste. Is iad na hainmneacha is mó a bhain le déantúsaíocht gloine i mBaile Átha Cliath ná Richard Williams & Co. (1764 - c.1827) agus Charles Mulvany (1785 - 1846).

Tá roinnt nithe ar taispeáint a léiríonn cruthanna a bhaineann go traidisiúnta le gloine Éireannach. measc na samplaí tá an babhla le sceimheal deilte, an próca clúdaithe a suíonn a chlúdach ar fheire atá béal faoi, an babhla citil-druma ina bhfuil clais láir chun sú silte a bhailiú, an geor a bhfuil cluas cuartha air a bhfuil cáil air dá cháilíocht aeistéitiúil seachas dá phraiticiúlacht agus an mhias/pláta a bhfuil clú agus cáil uirthi dá héagsúlacht cruthanna agus méideanna.

Peirseach & Indiach, Ealaín Nua, Mór-roinneach

Ceannaíodh an chuid is mó den ghloine Pheirseach agus Indiach in Ard-Mhúsaem na hÉireann le linn an 19ú haois, laistigh de chúpla bliain ó osclaíodh an Músaem. Bhí an chuid is mó den bhailiúchán seo comhaimseartha ag an am sin, agus é ina shampla den bheartas bailiúchán fairsing a ghlac an institiúid nua ar lámh. Is iad na réada gloine Peirseacha is tábhachtaí atá ar taispeáint ná aisréadóirí bolaidh a bhfuil muiníl arda orthu agus buidéil fíona. Séideadh roinnt díobh isteach i múnlaí, a chruthaigh a ndeirí muiníl. Cuireadh liopa leata réidh orthu seo nó lúbadh iad. I roinnt cásanna cuireadh crobhaingí bláthanna ar bhun an taobh istigh.

Tá dathú teimhneach sainiúil sa bhailiúchán gloine Indiach agus tá liopaí saintréitheacha leathana leata tarraingthe síos ar an dá thaobh den vása le feiceáil ann chomh maith. Bhain an ghloine san India le tuaisceart na tíre go traidisiúnta, dírithe ar Deilí.

Tagann an bailiúchán de ghloine san Ealaín Nua ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain, ó áiteanna san Eoraip agus i Meiriceá araon. Bhí an Ealaín Nua ann mar stíl mhaisiúcháin le linn na 1890idí agus na 1900idí luatha. Chuir Emile Gallé agus Louis Tiffany (iad araon le feiceáil anseo) go háirithe in oiriúint do ghloine é trí rilíf agus ornáideachas cruain ar nós patrúin bhláthacha le teannóga mionsaothraithe. I measc na n-ealaíontóirí eile ar taispeáint a chloígh leis an Ealaín Nua tá François-Eugène Rousseau, Ernest-Baptiste Léveillé, Loetz, Wennerberg agus Lobmeyr.

Dátaíonn an ghloine Eorpach Mhór-roinneach sa bhailiúchán ó dheireadh an 17ú haois go dtí an 19ú haois agus tagann sí ó cheithre thír: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn agus an Ísiltír. Díobh seo, tá clú ar ghloine na Gearmáine as a greanadh agus cruanadh den scoth, agus is leis an 18ú céad a bhaineann na cinn is aeistéitiúla anseo.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions