Scipeáil chuig ábhar

Saighdiúracht Thar Lear

Déantain ó na 'Fighting Irish' an 69ú Reisimint d'Arm Mheiriceá

Saighdiúirí Éireannacha in Airm Eachtrannacha

Idir 1600 agus 1900 chuaigh Éireannaigh isteach i seirbhísí armtha neart tíortha éagsúla, agus d’fhreastal siad ar fud an domhain. Chláraigh siad ar chúiseanna éagsúla - chun beatha a thuilleamh, rí a leanúint, tacú le cúis, nó ar thóir na heachtraíochta.

Bhain roinnt acu cáil amach, ach chaith formhór díobh saol anaithnid, ag freastal i measc a gcomráidithe in arm eachtrannach. Fuair neart díobh bás go hóg, marbh sa chath nó tógtha ag galar in áíteanna i bhfad as Éirinn. Tugann na clogaid éagsúla sa ghailearaí tuairim faoi raon na bhfórsaí armtha inar fhreastal Éireannaigh, agus na háiteanna inar fhreastal siad thar lear.

Na Géanna Fiáine

Ag tosú sa 16ú haois, d’fhág ‘Na Géanna Fiáine’ Éire chun dul isteach in airm na Spáinne, na Fraince, na hOstaire agus tíortha eile. D’fhormhór na ndeoraithe seo bhí an saol i bhfad ó bheith rómánsúil, Insíonn an taispeántas seo a scéal ag baint úsáide as léiriú ilmheán a mhíníonn Cath Fontenoy, inar chuidigh an Briogáid Éireannach leis na Francaigh bua a fháil ar na Sasanaigh i 1745, agus cásanna ia bhfuil iarsmaí na saighdiúirí. Taispeánann an íomhá thuas dathanna na reisimintí Éireannacha in Arm na Fraince le linn 1770.

Éireannaigh i gCogadh Cathartha Mheiriceá

Nuair a bhris Cogadh Cathartha Mheiriceá amach in 1861, chláraigh na mílte fir a rugadh in Éirinn ar an dá thaobh. Toisc go raibh formhór na n-inimirceach Éireannacha socraithe síos i gcathracha sna stáit ó thuaidh, d’fhreastal formór díobh in airm an Tuaiscirt. Go minic, bhunaigh siad aonaid a raibh aitheantas soiléir ‘Éireannach’ acu, agus bhí siad chun tosaigh i gcuid den na cathanna ba mheasa.. I ndiaidh Chogadh Cathartha Mheiriceá, rinne neart de na saighdiúirí a rugadh in Éirinn iarracht a scileanna míleata nua a úsáid chun saoirse a bhaint amach d’Éire.

Éireannaigh i Seirbhís na Breataine

Ó 1790 go 1914, chláraigh na céadta míle Éireannaigh in Arm na Breataine. De réir mar a mhéadaigh an impireacht, bhí líon níos mó saighdiúirí de dhíth ar an mBreatain chun na cóilíneachtaí i gcian a fháil agus a chothabháil, agus b’fhoinse mhór earcach í Éire. Tá cásanna le réada a léiríonn saol saighdiúra as Éirinn sa 19ú hAois (agus a dteaghlaigh) in Arm na Breataine agus taispeántas idirghníomhach ilmheán a fhéachann ar fhorbairt uirlisí troda na saighdiúirí sa ghailearaí seo.

Féach ar 6 Dhéantán ó Shaighdiúracht Thar Lear


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions