Scipeáil chuig ábhar

An Éigeandáil

Agus neamhspleáchas bainte amach, bhí Arm beag na hÉireann ag traenáil i rith na 1920idí agus 1930idí chun Éire a chosaint i gcoinne bagairtí a d’fhéadfadh tarlú.

I 1939 bheartaigh Saorstát Éireann fanacht amach as an gcogadh nua san Eoraip mura ndéanfadh ceann de na comhraiceoirí ionsaí ar an tír, agus mar sin d’fhan an tír neodrach, i dtréimhse ar a dtugtaí ‘An Éigeandáil’.

Le linn an ama seo méadaíodh arm na hÉireann agus fuair siad trealamh nua chun Éire a chosaint ó ionsaí.

Arm Méadaithe

Idir 1939 agus 1945 (‘An Éigeandáil’), leathnaigh Óglaigh na hÉireann go dtí roinnt oiread an méid a bhíodh ann roimh an gcogadh, agus chuaigh said faoi oiliúint chun aon ionsaí a dhiongbháil.

Thacaigh formhór de mhuintir na hÉireann le saighdiúirí breise a earcú chun feabhas a chur ar chosaint na tíre.

Chomh maith le hullmhú d'ionsaitheoir ionchasach, bhí dualgais thábhachtacha slándála inmheánaí ag an Airm, ar nós monatóireacht agus rialú ar ghníomhaíochtaí spiaireachta na Gearmáine sa tír seo.

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions