Scipeáil chuig ábhar

Cogadh Cathartha na hÉireann

Mar thoradh ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannach i 1921 bhí Cogadh Cathartha gearr ach nimhneach ann agus fuair níos mó ná míle Éireannach bás, Collins ina measc.

Tar éis 18 mí de threallchogadh, rinne rialtas na Breataine agus ceannairí den IRA iarracht deireadh a chur leis an gcoimhlint ghránna seo. Nuair a shínigh Michael Collins conradh ag glacadh le rud éigin níos lú ná neamhspleáchas iomlán d'Éirinn ar fad (26 contae seachas 32 contae), d'fháistinigh sé go raibh a bharántas báis á shíniú aige. Bhí an ceart aige. Mar thoradh ar shíniú an Chonartha bhí Cogadh Cathartha gearr ach nimhneach ann agus fuair níos mó ná míle Éireannach bás, Collins ina measc.

Conas a tharla sé gur mharaigh fir a chéile a bhí tar éis teacht le chéile chun troid le haghaidh an idéil d'Éirinn a bheadh saor agus neamhspleách? Den chuid is mó bhí an deighilt idir iad siúd a d'oibrigh le Michael Collins agus a raibh tionchar ag a phearsantacht carasmatach orthu, agus na trodaithe sin a bhí i bhfad ó Bhaile Átha Cliath agus a lean ceannairí eile a raibh tuairimí eile acu. Bhí fíorbheagán ceannasaithe den IRA sa choimhlint a thug tacaíocht don chonradh, agus lean an chuid is mó de na gnáthshaighdiúirí a gceannasaí áitiúil

Michael Collins (1890-1922)

Bhí Michael Collins mar an ceann feadhna ar an IRA le linn Chogadh na Saoirse, agus nuair a thug sé an Conradh i gcrích leis an mBreatain, bhí sé ina Aire Airgeadais sa Rialtas Sealadach a tháinig ina dhiaidh. Nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach d'éirigh sé as an bpost sin le bheith i gceannas ar an Arm Náisiúnta. Nuair a fuair sé bás ag 32 bliana d'aois i luíochán ar bhóthar tuaithe bhí ceannaire carasmatach caillte ag Éirinn agus d'athraigh cúrsa staire na hÉireann.

Liam Lynch (1890 -1923)

Le linn Chogadh na Saoirse d'fhág Liam Lynch a lorg mar cheannaire den IRA a raibh urraim mhór ann dó. Mar dhuine de na daoine is tábhachtaí a bhí i gcoinne an Chonartha, d'áitigh sé ar an gcuid is mó den IRA dul in éineacht leis. Mar sin féin ag teacht i dtreo an Chogaidh Chathartha rinne sé a lándícheall an choimhlint a sheachaint, ach nuair a tháinig an crú ar an tairne ghlac sé an post mar Cheann Foirne an IRA i gcoinne an Chonartha. Mar throdaí oilte agus tiomanta, ba é duine de na taismigh deiridh den Chogadh Cathartha.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions