Scipeáil chuig ábhar

Na Náisiúin Aontaithe

Feithicil armtha de chuid na Náisiún Aontaithe

Sa dara leath den 20ú haois, chuir Éire trúpaí agus trealamh ar fáil do mhisin NA chuig láithreacha trioblóide armhain an Liobáin agus an Congó.

Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe i 1955 agus ó 1958 i leith tá páirt glactha aici go leanúnach i ndualgais coinneála na síochána ar fud an domhain. Ó 1960 gheall Éire meithleacha armtha ag amanna éagsúla chuig an gCongó, an Chipir, an tSomáil, Sinai agus an Liobáin, i measc eile.

Scrúdaíonn gailearaí na Náisiún Aontaithe sa taispeántas Saighsiúirí & Taoisigh an ról a d'imir na fir agus mná Éireannacha seo ar son na síochána domhanda le 50 bliain anuas.

Ó 1958 i leith tá pearsanra ó Óglaigh na hÉireann páirteach mar bhreathnóirí ar fud an domhain agus, ó 1960, ach amháin do thréimhse ceithre bliana idir 1974 agus 1978 bhí meithleacha armtha ar seirbhís leis na Náisiúin Aontaithe.

Oibríochtaí Síochána

In oibríochtaí síochána bíonn pearsanra neamharmtha nó armtha go héadrom ann chun an tsíocháin agus slándáil idirnáisiúnta a choinneáil agus chun achrainn a réiteach, de ghnáth le toilan dá pháirtí atá i gcoimhlint.

Tá dhá phríomh-chineál oibríochta ann:

  • Misin um Bhreathnaithe Míleata ar a bhfuil breathnóirí neamharmtha.
  • Misin um Fhórsa Síochána ar a bhfuil meithleacha armtha agus iad faoi cheannas na Náisiún Aontaithe.

An Chaoi ina n-Oibríonn Misin Síochána

Nuair a mholann ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe, nó an tArd-Rúnaí, go mbunófar fórsa síochána, de ghnáth bíonn trí choinníoll bhunúsach ann. Ní bhunaítear iad ach le toiliú an tíre nó na dtíortha atá i gceist. Ní mór don mholadh tacaíocht leathan a fháil ón bpobal idirnáisiúnta.

Ní mór do bhallstáit a bheith réidh le pearsanra a sholáthar. Sna limistéir coimhlinte uile bíonn ról neamhchlaonta ag coimeádaithe síochána na Náisiún Aontaithe.

An Coimeádaí Síochána

Toisc go mbunaítear oibríochtaí coimeádta síochána i limistéir coimhlinte, bíonn tasc an choimeádaí síochána an-dian. Níl cead acu siúd a bhíonn ar seirbhís i bhfórsaí coimeádta síochána a n-airm a scaoileadh ach amháin mar fhéin-chosaint. Tá sé seo riachtanach le neamhchlaontacht dhian an choimeádaí síochána a chaomhnú.

Tá an-mheas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i measc phobal na náisiún toisc go dtógtar ó arm gairmiúil iad. Is tír neodrach í Éire agus ní raibh sí riamh ina rialóir ar chóilíneachtaí. Ina ról mar chúidiú leis an údarás sibhialta cuirtear oiliúint ar an saighdiúir Éireannach foréigiean a smachtú seachas é a mhéadú.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions