Scipeáil chuig ábhar

An Chéad Chogadh Domhanda

Gunna machaire 18 bpunt

Nuair a chuaigh an Eoraip le cogadh i 1914, bhí Éire mar chuid d'Impireacht na Breataine agus mar sin bhí sí páirteach go huathfheidhmeach.

Cogadh na nGairmeoirí

Nuair a bhris cogadh amach sa bhliain 1914, bhí thart ar 21,000 Éireannach ar freastal in Arm na Breataine. Slógadh 47,000 oifigeach agus fear chúltaca eile go tapa sa chéad cúppla mí. Chuaigh formhór na saighdiúirí gairmiúla sin díreach isteach sa chogadh mar chuid d'Fhórsa Sluaíochta na Breataine sa Fhrainc. Bhí said oilte go maith, ach feistithe go lag don chineál ollchogaidh a bhí ag teacht go tapa.

Na Chéad Urchair

Caitheadh na céad urchair ag Arm na Breataine ag an bhFronta Thiar ar an 22 Lúnasa lasmuigh de Mons na Beilge ag 4th Royal Irish Dragoon Guards. Ag tús an chogaidh bhí arm beag (Fórsa Sluaíochta na Breataine) de 70,000 saighdiúir curtha ag an mBreatain chun dul i gcoinne arm na Gearmáine a bhí ag déanamh ionradh ar an Fhrainc agus an Bheilg D’áirigh an Fórsa seo ceithre reisimint de Mharcshlua Éireannach agus naoi gcathlán coisithe Éireannacha Bheadh píosaí airm ar nós an gunna 18 punt atá sa phictiúr anseo in úsáid le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus é armtha ag 10 saighdiúir. D’úsáid na Sasanaigh an gunna 18 punt freisin le linn Éirí Amach na Cásca agus Cogadh Cathartha na hÉireann. 

Cogadh ar an Somme

I 1916, rinne Arm na Breataine ionsaí mór ar an bhFronta Thiar i ngleann Abhainn an Somme. Bhí saighdiúirí i Rannán Uladh chunn tosaigh sa chath; ghlac roinnt aonaid Éireannacha eile páirt freisin Ach ba bheag an seans a bhí ag coisithe i gcoinne sreang dheilgneach, meaisínghunnaí agus gunnaí troma, d’ainneoin a gcrógacht agus a oiliúint uile. Chaith John McLoughlin an scaif atá sa phictiúr anseo, agus é díreach 16 nuiar a chuaigh sé isteach sna Royal Irish Rifles. I rith Chath an Somme, scaoileadh John sa chnámh droma. Fuair sé bás go gairid roimh a 20ú lá breith mar thoradh ar na gortuithe a tharla dó sa chath.

An Tritheamh Deiridh

Ar 21 Márta 1918 d’ionsaigh Arm na Gearmáine ar an bhFronta Thiar in iarracht deiridh leis an gcogadh a bhaint sula dtiocfadh saighdiúirí Mheiriceá. Bhí an t-ionsaí tapa agus cothrom, ag baint úsáide as saighdiúirí le trealamh speisialta, ar a tugadh “saighdiúirí stoirme”. Sheas na Comhghuaillithe an fód go daingean agus sa deireadh thiar thall rinne siad frith-ionsaí feadh na líne Bhí Arm na Gearmáine scriosta agus lorg siad Sos Cogaidh, a chuaigh i bhfeidhm 11 Samhain, 1918.

Trá V, 25 Aibreán, 1915

Ní raibh na haonaid rialta in Arm na Breataine in ann déileáil le héilimh an Chogadh Domhanda agus roghnaíodh dhá chathlán de shaighdiúirí Rialta Éireannacha le páirt a ghlacadh sa chéad teacht i dtír ag Gallipoli. Bhí saighdiúirí ó na Royal Munster Fusiliers agus Royal Dublin Fusiliers pacáilte isteach sa bhád, River Clyde, agus i mbáid oscailte á stiúradh ag mairnéalaigh Nuair a rinne siad iarracht teacht i dtír ag Gallipoli (ag áit ar a tugadh Trá V) scriosadh na saighdiúirí ag na Tuirc a bhí ar an talamh ard Cailleadh an méid sin saighdiúirí gur cuireadh an dá chathlán le chéile, agus tugadh na ‘Dubsters’ orthu. Tá roth na loinge River Clyde sa phictiúr anseo.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions