Scipeáil chuig ábhar

An Dara Cogadh Domhanda

D'fhan Eire neodrach le linn an Dara Chogadh Domhanda. In ainneoin sin, spreag rialtas na Breataine mná, idir Shasanaigh agus Eireannaigh, cuidiú leis an iarracht cogaidh.

Saighdiúirí Mná

Chuaigh neart ban isteach go deonach mar altraí nó isteach sa Chór Iompair Meicnithe. Bhain Nora Pellew, a dheonaigh otharcharr a thiomáint sa Fhrainc, úsáid as an taithí a fuair sí 20 bliain roimhe sin ag déanamh oibre mar sin ag druidim le deireadh an Chéad Chogadh Domhanda.

Aonaid Eitilte

Sa Dara Chogadh Domhanda bunaíodh aonaid speisialta eitilte amhail na trúpaí 'Airborne'. Thuirling cuid de na trúpaí sin taobh thiar de línte na naimhde i bhfaoileoirí gan innill, á dtiomáint ag coisithe a fuair a dhóthain oiliúna chun na faoleoirí a thuirlint.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions