Scipeáil chuig ábhar

1845-1865: Músaem Thionscal na hÉireann

Fiosraigh stair ghairid an mhsaeim seo a tháinig roimh Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bunaíodh chun tionscal na hÉireann a fhorbairt, agus réada gaolmhara le leiceáil sa taispeántas Ón Stór.

Cé gur bunaíodh é in 1845 mar Mhúsaem Geolaíochta Eacnamúla, ba ghearr gur athraigh an chéad stiúrthóir a bhí ar an músaem sin, Sir Robert Kane, aidhm an mhúsaeim le Músaem Thionscal na hÉireann agus Scoil Eolaíochta an Rialtais a dhéanamh de.

Cur i gcoinne agus díothú

Chreid lucht an mhúsaeim go raibh gá le hoideachas tionsclaíoch, ionas go bhféadfaí acmhainní nádúrtha na hÉireann a chur chun leas na tíre, agus caighdeán maireachtála na ndaoine a fheabhsú, agus chuige sin eagraíodh clár léachtaí chomh maith le taispeántais.

Chuir daoine i gcoinne cur chuige soilsithe mar seo, áfach. Cuireadh deireadh leis an músaem sa bhliain 1865 dá bharr, agus aistríodh na bailiúcháin chuig Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.

Cad iad na déantáin atá tú in ann a fheiceáil ón tréimhse seo  Ón Stór

Ar taispeáint anseo Ón Stór ó bhailiúchán an mhúsaeim sin tá busta poircealláin Phairiaigh de William Dargan, an conraitheoir iarnróid a mhaoinigh Taispeántas Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1853.

Rinneadh in Worcester é nuair a bhí an photaireacht úd faoi úinéireacht W.H. Kerr agus R.W. Binns, beirt as Baile Átha Cliath, agus nuair a tástáladh créanna ceirmeacha na hÉireann ag súil go bhféadfaí potaireachtaí déantúsaíochta a bhunú in Éirinn.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions