Scipeáil chuig ábhar

1877-1899: An Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, Baile Átha Cliath

Two-handled glass sugar bowl, Waterford, c.1820, DC:1886.60

Féach ar na réada a bhí sna bailiúcháin ba luaithe sa Mhúsaem sa Taispeántas Ón Stór.

Sa bhliain 1877, rith an rialtas Acht Parlaiminte chun músaem nua a bhunú i mBaile Átha Cliath, ag súil ‘go mbainfeadh muintir na hÉireann lánbhuntáiste as an deis feabhas a chur ar shaothrú na n-ealaíon tionsclaíoch agus maisiúil’.

Cuirtear tús le réada a bhailiú agus a cheannach

Agus comhairle faighte ó Mhúsaem South Kensington i Londain, thosaigh oifigigh ag ceannach míreanna láithreach ó bhailiúcháin phríobháideacha idirnáisiúnta iomráiteacha.

Roghnaíodh míreanna comhaimseartha díreach ó Tiffany agus William de Morgan, mar shampla, chomh maith le déantóirí níos gaire do bhaile, Vodrey, Pugh agus Béal Leice. Bailíodh saothair chomh maith chun doiciméadú a dhéanamh ar ‘chliabháin shibhialtachtaí an domhain’ – an Mheánmhuir chlasaiceach, an India agus an tSín.

Dhírigh an institiúid nua chomh maith ar mhíreanna a léirigh forbairt thionsclaíoch agus eacnamúil in Éirinn, go háirithe ón 17ú haois ar aghaidh. Mar thoradh ar a bheartas fuinniúil ceannaigh, tháinig méadú mór ar na bailiúcháin. Go deimhin, nuair a d’oscail an t-áitreabh nua i Sráid Chill Dara sa bhliain 1890 b’éigean roinnt bailiúchán a fhágáil ar taispeáint i dTeach Laighean ceal spáis.

Cad iad na déantáin atá tú in ann a fheiceáil ón tréimhse seo  Ón Stór

Samplaí den chineál ábhair a fuarthas ag an am agus atá ar taispeáint sa ghailearaí Ón Stóris ea vásaí gloine a ceannaíodh go díreach ó stiúideo Eugène Rousseau sa bhliain 1880.

Agus comhairle faighte ó Mhúsaem na Breataine cheannaigh an músaem lampa mosc. Ba éacht iontach é seo sa 14ú haois i dtéarmaí chaighdeán na táirgeachta gloine, óraithe agus cruanta. Ceannaíodh é in éineacht le tíleanna ón Tuirc agus ón Damaisc ó eastát bailitheora clúitigh, an Maor W.J. Myers.

Tá babhla le dhá chluas agus seastán ar taispeáint Ón Stór chomh maith. Ba é seo an chéad phíosa de ghloine Éireannach ón 19ú haois a fuair an Músaem. Rinneadh é i bPort Láirge tuairim is 1820 agus ba é an dearadh le colúin agus le muileata a spreag an patrún móréilimh sin ‘Hibernia’ a táirgeadh i monarcha Ghloine Phort Láirge sa bhliain 1947.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions