Scipeáil chuig ábhar

Ó 1731: Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath

Detail of Greek red figure vase, 5th Century BC. DC:1880.506

Léigh faoi conas ar tháinig bailiúcháin Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath roimh Mhúsaem an lae inniu agus cad iad na réada a thaispeánann an taispeántas Ón Stór ón ré sin.

Bunaíodh é ar dtús mar Chumann Bhaile Átha Cliath (1731) chun riar, déantúsóirí agus ealaíona úsáideacha eile a spreagadh, ba chuige sin a bailíodh innealra nua-aimseartha talmhaíochta agus tionsclaíochta ar dtús.

Bhailigh a Scoileanna Maise agus Líníocht Ailtireachta a bunaíodh ó 1756 ar aghaidh, samplaí de sheandálaíocht chlasaiceach agus teilgin phlástair, a d’úsáidtí i ranganna faoi na hábhair seo.

An Chéad Mhúsaem de Stair an Dúlra

Go déanach san 18ú haois cheannaigh an cumann, le maoiniú ón Rialtas, bailiúchán iontaisí agus mianraí de chuid Leske a bhfuil tábhacht hidirnáisiúnta ag baint leis. Thóg siad ar an núicléas seo trí gheolaí a fhostú a bhailigh mianraí áitiúla, agus aistríodh iad ar fad chuig Músaem na Staire Nádúrtha de chuid an Chumainn nuair a osclaíodh é sa bhliain 1857.

Thairis sin bhailigh an cumann ábhair a mbeadh suim ag a mbaill ann, ó ‘giota de pheannaireacht álainn a rinne duine gan lámha’ go hábhair a bhain leis an seandálaíocht chlasaiceach agus armlón ón India.

Na déantáin atá tú in ann a fheiceáil ón tréimhse seo ag Ón Stór

Ón mbliain 1833, d’aistrigh Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath a bhailiúchán chuig Músaem nua Bhaile Átha Cliath de réir a chéile. I measc na gcéad déantáin a aistríodh bhí vása Gréagach atá ar taispeáint san áiléar Ón Stór. Ba é George La Touche a bhronn é ar an gCumann sa bhliain 1825. Tá dhá thaispeántán ó bhailiúchán Leske ar taispeáint chomh maith.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions