Scipeáil chuig ábhar

Bunús Ard-Mhúsaem na hÉireann

Faigh amach conas a tharla an chéad bhunú den Mhúsaem.

Is féidir an feachtas chun músaem poiblí a bhunú i mBaile Átha Cliath a rianú siar go dtí an bhliain 1835 nó mar sin. Ag an am sin d’iarr Institiúidí Nua na Meicneoirí i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath go ndéanfaí soláthar do mhúsaem ionas go bhféadfadh a gcuid scoláirí patrúin nó ábhar a tharraingt ar bhealach cosúil lena gcomhscoláirí i Londain agus in Antuairp.

 

Scoileanna Deartha nua na hÉireann

Bhí tuilleadh brú leis an éileamh sin nuair a osclaíodh scoileanna dearaidh i Luimneach (1842), i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath (1849). Músaem poiblí a bhí uathu, cosúil le Músaem na Breataine, ina bhféadfadh scoláirí déantúsaíochta staidéar a dhéanamh ar ‘vásaí, teilgin, déantáin chré-umha agus saothair den ailtireacht mhaisiúil’.

San am céanna chuir an pobal in iúl don rialtas nach mbíodh na músaeim phríobháideacha a fuair tacaíocht uathu i mBaile Átha Cliath ar oscailt don phobal, do scoláirí ná do mheicneoirí go minic.

The Dublin Science and Art Museum Act

Ag eascairt as sin, bhunaigh an Dublin Science and Art Museum Act (1877) músaem nua poiblí a thiomsódh a bhailiúchán féin agus a d’ionchorpródh bailiúcháin na n-institiúidí níos luaithe cosúil le Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath a fuair cúiteamh airgid as a mhaoin agus a bhailiúcháin. Rinneadh oifigigh den Mhúsaem freisin de príomhbhaill foirne.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions