Scipeáil chuig ábhar

Cad atá sa Stór: Ionstraimí Eolaíochta, Uaireadóirí

Brass watch movement by William McCabe, Newry, c.1780. DM:1930.26

Is féidir le cuairteoirí ar an ngailearaí Cad atá sa Stór? breathnú ar bhailiúcháin an Mhúsaeim a choimeádtar i stóras de ghnáth. Léigh níos mó faoin mbailiúchán d’ionstraimí eolaíochta, de chompáis suirbhéirí agus d’uaireadóirí atá ina ngné den ghailearaí seo.

Tagann na hionstraimí eolaíochta is sine in Éirinn ón 17ú haois. Chinntigh an úsáid níos mó a baineadh as prás seachas adhmad gur mhair na hionstraimí níos faide agus d’fhorbair an scil maidir le hionstraimí a dhéanamh de réir a chéile, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Ba é Gabriel Stokes, Leas-Suirbhéir na hÉireann sna 1750idí, duine de na déantóirí ba luaithe ar thaifead. Bhí Thomas Cave agus Alexander Stephens i measc na ndéantóirí chomh maith. Tagann an chuid is mó de na hionstraimí atá againn fós ó dheireadh an 18ú haois agus ó thús an 19ú haois. I measc na ndéantóirí cáiliúla eile bhí Seward, Spear, Mason agus Yeates. Bhí móréileamh ar chompáis do shuirbhéirí agus tá a lán samplaí sa bhailiúchán. Tháinig síormhéadú ar líon na n-ochtamhán, seiseamhán, micreascóp, teileascóp agus ionstraimí matamaitice a táirgeadh, de réir mar a d’fhorbair agus a d’fhás loingseoireacht, astralaíocht agus na heolaíochtaí. Le linn an 19ú haois déag fuair déantóirí Éireannacha amach go raibh sé ag éirí níos deacra dul in iomaíocht le holltáirgeadh na Breataine agus is ról díoltóirí a bhí acu de réir a chéile. Ba eisceacht é an gnólacht Grubb i mBaile Átha Cliath, a raibh cáil ar a dteileascóip agus a mbeachtuirlisí go hidirnáisiúnta. Lean an gnó go dtí 1918 nuair a aistríodh go Sasana é, ag cur deireadh le ré iomlán d’ionstraimí a dhéanamh in Éirinn. Cuireadh go mór le bailiúchán an Mhúsaeim nuair a fuair siad bailiúchán mór ionstraimí Egestorff i lár na 1990í.

Tá an scéal maidir le huaireadóirí a dhéanamh in Éirinn cosúil le scéal na n-ionstraimí eolaíochta. San 18ú haois, rinneadh uaireadóirí i gcathracha agus i mbailte na hÉireann, go háirithe i gCúige Uladh. Faoi lár an 19ú haois, áfach, ní raibh déantóirí uaireadóirí in ann dul in iomaíocht leis an olltáirgeadh thar lear agus níor mhair an cheird go deireadh na haoise.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions