Scipeáil chuig ábhar

Late Ming period (1600-44AD)

Cloigeann Bodhisattava

Ba é an clogeann Bodhisattava seo ceann de na chéad bhronntaí a rinne Albert Bender ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. An déileálaí a bhí bainteach chun é a fháil do Bender ba ea Henry H. Hart de na hEalaíona Oirthearacha, San Francisco.

Tá a lán mionsonraí tugtha ag Hart faoi chúlra an réada agus tá sé an-spéisiúil faoin gcur síos a thugann sé don staid chlamprach ina raibhh sochaí na Síne nuair a thit Ríshliocht Qing as a chéile in 1911:
 

Aimsíodh an ceann Cré-Umha... i mbaile beag i gCúige Shanxi nuair a scriosadh na teampaill de bharr ordú a thug Feng Yu-hsiang in 1927, agus tugadh go Péicing é. Ba le dealbh an ceann, bhí roinnt díobh seo ina seasamh ar altóir an teampaill."


Ba ghinearál Síneach é Feng Yu-hsiang (1882-1948) a raibh poist mhíleata éagsúla aige faoi Ríshliocht Qing(suas go dtí 1911). Ar deireadh thug sé tacaíocht do na Náisiúnaigh, agus d'éirigh leis bheith mar aire cogaidh agus leas-chathaoirleach an Fheidhmeannais Yuan (Comhairle) in Nanjing in 1928.

Suíomh:


Cloigeann Bodhisattava suite ag:
Decorative Arts & History


An déantán roimhe seo:

Upasaka Dharmatala (Tibetan: dGe bsnyen dhar ma ta la)


An chéad déantán eile:

Fallaing Shagart Daoist


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions