Scipeáil chuig ábhar

Cros d’aon phíosa adhmaid amháin ach tá deireadh gach géige láimhe ar iarraidh.

F:1932.101

Díol suntais is ea an chros seo le poll crochta i ngeall ar an gcruth dronuilleogach, nach mór, atá uirthi, agus an maisiú greanta. Tá INRI greanta ar bharr na croise agus maisiú réaltaí ar fud na croise. Tá fíor de Chríost sa lár ach níl an fhíor seo ná na gadaithe ar gach aon taobh de greanta i rilíf (tá deirí ghéaga na croise scoite agus mar sin tá píosaí de na gadaithe in easnamh). Tá cloigeann faoi bhun cosa trasnaithe Chríost agus is féidir go bhfuil aingeal agus croschnámha ar gach aon taobh de. Tá cailís agus sleá greanta air mar aon le “This crusificks is” atá ar leanúint ar an gcúl: ‘for F.R M S B’.

Foinse: Baile an Tobair, Ceara, Co. Mhaigh Eo ón Dr. Costello

Suíomh:


F:1932.101 suite ag:
On Display


An déantán roimhe seo:

F:L1932.3


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions