Scipeáil chuig ábhar

F: 1947.36

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta

Contae Loch Garman, Currach Cló - Plean, cuid an tí agus aghaidhchló tí.

Páipéar fite, dúch priontála dubh, peann luaidhe, Airde 565mm, Leithead 763mm.

Tugann an t-aghaidhchló agus an chuid tosaigh le fios go bhfuil teach mór ann le seomraí áiléir a lasfadh fuinneoga dormánta iad. Tá na sé fhuinneog ar thosach an tí leagtha amach go siméadrach. Is fuinneoga móra ilphainéalta iad ar fad. Léiríonn an leagan amach seo tionchar na stíleanna ailtireachta clasaiceacha foirmiúla. Taispeánann plean an tí an leagan amach inmheánach lena n-áirítear balla ursaine a tógadh ar dronuillinn leis an teallach, rud a chruthaigh forsheomra ag an tslí isteach chun an tí. Tá slite isteach chun an tí den saghas seo coitianta i gceantar Loch Garman. Tá na daoine sin atá ina suí cois tine ar thaobh an fhoscaidh ó dhoras oscailte. Ligeann an bhearna sa bhalla ursaine dóibh siúd atá ina suí cois teallaigh na daoine atá ag siúl tharstu nó na daoine atá ag teacht isteach sa teach a fheiceáil. Léiríonn na línte briste sa phlean an bhearna nó an poll ‘brathadóra’.

Suíomh:


Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Ceann Chlochair, Co. Lú, 1944: Líníochtaí Ailtireachta agus Pictiúir Uiscedhatha de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions