Scipeáil chuig ábhar

F: 1947.10

Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta

Co. na Gaillimhe, Mhionlaigh - Plean, aghaidhchló, cuid croise an tí agus peirspictíocht de dhíon an tí seo.

Patrick Tuite a rinne an tsuirbhéireacht in 1945. Páipéar fite gorm, dúch priontála dubh, nótaí mínithe pinn luaidhe. Airde 507mm, Leithead 676mm.​

Ba theach trí sheomra é seo i dtús ama. Ní raibh i seomra amháin ach fothrach aimsir na suirbhéireachta. thug na suirbhéirí faoi deara go raibh urlár dóibe ann i bplean an tí. Is seanábhar tógála í dóib go háirithe maidir le tógáil ballaí. Bhíodh comhábhair na dóibe ag brath ar a mbíodh ar fáil go háitiúil, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh fo-ithir, aoileach (bó), tuí mhionghearrtha agus uisce i measc na mbunábhar.

Tugtar suntas don bhíoma mór darach ar a leagtar an caolach nó simléar cosúil le ciseán agus don chúldoras líonta os comhair an dorais tosaigh. Taispeánann an pheirspictíocht inmheánach go bhfuil an díon á thacú le cúplaí adhmaid ina bhfuil dhá rachta lena mbunanna leabaithe isteach sa cheann balla. Taispeánann an sceitse i gcuid croise an tí slabhra atá ar crochadh laistigh den simléar os cionn na tine. Tá lampa ola agus Paidrín ar crochadh ar an dá thaobh den pholl coinneála ar thaobh na deasóige den tine.

Suíomh:


Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta suite ag:
In Storage


An déantán roimhe seo:

Currach Cló, Contae Loch Garman, 1944: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


An chéad déantán eile:

Sráidbhaile Mhionlaigh, Loch Coirib, Co. na Gaillimhe, 1945: Líníochtaí Ailtireachta de Thithe Traidisiúnta


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions