Scipeáil chuig ábhar

Caomhnú Imscrúdaitheach

Is é atá i gceist le Caomhnú Imscrúdaitheach ná an t-imscrúdú eolaíoch ar réada ó na bailiúcháin chun tuiscint níos fearr a fháil ar a ndéanamh, teicneolaíocht agus stair.

Tá teicnící éagsúla ann a dhéantar ar dhéantáin ar leith, idir scrúdú micreascópach agus réimse anailísí fóiréinseacha sofaisticiúla.

Is féidir scrúduithe a dhéanamh go hinmheánach, anailís le micreascópacht, X-gha agus fluaraiseacht X-gha ina measc. Baintear úsáid as foinsí infridheirg agus solais UV le haghaidh fíordheimhniúcháin agus le deisiúcháin a rinneadh roimhe seo a aimsiú.

Baintear úsáid as X-ghathanna go rialta le miotalóireacht seandálaíochta tochailte a scrúdú – go háirithe le déantáin iarainn a scrúdú. Leis na céadta bliain de chreimeadh ciallaíonn sé gur féidir le réada, nuair a dhéantar iad a thochailt, a bheith clúdaithe i méideanna móra de choincréitiú. Go minic bíonn sé dodhéanta ar bhealaí amhairc amháin, an bunréad a dhéanamh amach. Ag leibhéal bunúsach, ligeann X-ghathanna do chaomhnóirí féachaint ar chruth an déantáin laistigh de na sraitheanna de chreimeadh. Is féidir leis na X-ghathanna sonraí a nochtadh freisin faoin gcaoi ina ndearnadh agus ina n-úsáideadh réad, agus sonraí den mhaisiúchán a cuireadh air e.g. plátaí miotail, inleagadh, armatúir laistigh de dhealbha etc. Spreagann Ard-Mhúsaem na hÉireann an mhiotalóireacht tochailte ar fad a x-ghathú, agus cuireann sé a chuid áiseanna ar fáil do chaomhnóirí seandálaíochta atá ag obair in Éirinn.

Is teicníc anailíseach é fluaraiseacht X-gha (XRF) atá in ann eilimintí neamhorgánacha a aithint, e.g Líocha gáil iarainn i dtéacs lámhscríbhinne, na cóimhiotail i ndéantán miotail, nó na fuíll lotnaidicídí tocsaineacha ar réada orgánacha. Is féidir é seo a úsáid chun cuidiú le réada a fhíordheimhniú agus dáta a chur orthu, e.g. feidhmíonn na codanna coibhneasta d'ór agus airgead mar léiriú croineolaíoch sna cóimhiotail óir réamhstairiúla, e.g. tá leibhéil arda d'airgead i gcóimhiotail óir den Iarannaois. Is féidir leis a rá linn freisin cad iad na miotail a úsáideadh mar phlátaí agus inleagadh ar réimse leathan déantán.

Eagraítear anailís níos sofaisticiúla ina mbíonn teicnící i gceist ar nós íomháú ilspeictreach, micreascópacht leictreoin scanacháin, MRI (íomháú athshondais mhaighnéadaigh) agus scanadh CAT (tomagrafaíoch ríomhairithe) le hinstitiúidí eile i mBaile Átha Cliath.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions